Ní chuirfidh an phleanáil teanga mar atá le saolré na Gaeilge sa Ghaeltacht – duine d’údair an Staidéir Theangeolaíoch

‘Caithfidh institiúidí Stáit a gcuid féin den ualach pleanála teanga a iompar agus infheistíocht cheart a dhéanamh sa phróiseas,’ a deir Seosamh Mac Donnacha, sochtheangeolaí

Ní chuirfidh an phleanáil teanga mar atá le saolré na Gaeilge sa Ghaeltacht – duine d’údair an Staidéir Theangeolaíoch

Ní chuirfidh an próiseas pleanála teanga le saolré na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura ndéantar leasuithe bunúsacha ar an bpróiseas, a deir an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donnacha, duine d’údair An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Sa staidéar sin, a foilsíodh in 2007, dúradh nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach 20 bliain ar a mhéid.

Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie, dúirt Mac Donnacha nach bhfágfaidh an próiseas pleanála teanga mar atá mórán de lorg ar inmharthanacht na Gaeilge i measc na bpobal ina bhfuil sí fós in uachtar toisc an próiseas sin a bheith ar “leathchois”.

“Tá an próiseas mar atá sé faoi láthair teoranta do na páirtithe leasmhara atá ag feidhmiú lasmuigh den chórais stáit – eagraíochtaí pobail den chuid is mó. Ar ndóigh, tá ról an-tábhachtach ag na heagraíochtaí seo i dtaca le gnéithe éagsúla de shaol an phobail agus dá réir sin ó thaobh na Gaeilge freisin. Agus tá obair den scoth déanta ag na heagraíochtaí sin go dtí seo, chun pleananna teanga a fhorbairt do na pobail lena mbaineann siad – is iadsan an leathchois a raibh mé ag tagairt dhó.

An leathchois eile, an leathchois nach bhfuil ann – na páirtithe leasmhara atá ionadaíoch ar an Stát agus an earnáil phríobháideach. Níl aon ionchur déanta ag na hinstitiúidí poiblí agus stáit a bhfuil cúraimí éagsúla orthu i leith na Gaeltachta sa phróiseas pleanála teanga go fóill. Áirím i measc na n-institiúidí seo, mar shampla, na Comhairlí Contae, An Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An Garda Síochána, agus Bord Fáilte Éireann (an t-aon eisceacht ná an Roinn Oideachais agus Scileanna agus COGG). Áirím ina measc freisin An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Cé go bhfuil ról ag na heagraíochtaí sin i stiúradh an phróisis pleanála teanga – is cóir, ina theannta sin, go mbeadh siad ag déanamh ionchur sa phróiseas maidir leis na cúraimí eile agus na pleananna forbartha atá acu féin do na limistéir phleanála teanga atá i gceist,” a dúirt Seosamh Mac Donnacha le Tuairisc.ie.

Dúirt Mac Donnacha gur mó i bhfad an tionchar a bheidh ag na hinstitiúidí seo “agus na réimsí cúram atá orthu” ar shaol na Gaeltachta sna 20 bliain amach romhainn “ná mar a bheas ag na heagraíochtaí pobail atá rannpháirteach sa phróiseas faoi láthair – eagraíochtaí atá ar bheagán acmhainní agus ar bheagán cumhachta i gcomparáid le hinstitiúidí an Stáit”.

Dar le Mac Donnacha, dá mbeadh na hinstitiúidí stáit “dáiríre” faoin bpróiseas pleanála teanga bheadh straitéisí seacht mbliana dá gcuid féin curtha san áireamh sna pleananna teanga “sula mbeadh siad faofa ag an Roinn”.

“Gan na rudaí seo a bheith san áireamh sa bpróiseas pleanála agus gan dul i ngleic leis na buncheisteanna a bhaineann le hinmharthanacht na bpobal Gaeltachta, ó thaobh fostaíochta, rachmais, oideachais agus bonneagar sóisialta agus fisiciúil de, is deacair a shamhlú go gcuirfidh an pobal mórán muiníne sa teanga ná sa phróiseas pleanála a théann léi.

“Mar a léiríodh sa bhfaisnéis is deireanaí ón bPríomhoifig Staidrimh, a foilsíodh an tseachtain seo caite tá formhór mór na bpobal Gaeltachta is láidre atá againn faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leis an meán náisiúnta. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na fíricí sin sa bpróiseas pleanála seo. Má dhéantar amhlaidh, ní próiseas pleanála teanga é, i ndáiríre,” a dúirt sé.

In ainneoin go gcreideann sé go bhfuil locht bunúsach ar an bpróiseas pleanála teanga mar atá, dúirt Mac Donnacha nár ghá tosú as an nua agus gur “fearr tógáil ar an méid atá déanta go dtí seo agus cur leis”.

“Tá mórobair déanta ag na heagraíochtaí pobail éagsúla chun an próiseas a thabhairt go dtí an leibhéal seo agus níor chóir torthaí na hoibre sin a ligean le sruth.

“Ach, is gá tacú leo trí thiomantas an Stáit don phróiseas a léiriú agus níl ach bealach amháin chun é sin a dhéanamh –institiúidí an Stáit a bheith rannpháirteach sa phróiseas ar an dul céanna leis na heagraíochtaí pobail.”

Dúirt an sochtheangeolaí go bhféadfaí breathnú ar an obair atá déanta go dtí seo mar “an chéad chéim sa phróiseas” agus “tabhairt faoi na réimsí eile i gcomhar leis an hinstitiúidí atá i gceist, mar an dara céim sa phróiseas”.

Dúirt sé gur “deacair a shamhlú” go bhfágfaidh an phleanáil teanga “mórán rian ar shaolré na Gaeilge” mura dtéann an próiseas i ngleic leis na “buncheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus caighdeáin mhaireachtála an phobail”. 

Dúirt sé, áfach, nach raibh sé “ródheireanach fós” an ‘leathchois eile’ a chur faoin bpróiseas.

“Is féidir tógáil ar an obair mhaith atá déanta go dtí seo ag na heagraíochtaí pobail agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna – ach caithfidh na hinstitiúidí Stáit a gcuid fhéin den ualach pleanála teanga a iompar agus a bheith sásta infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa phróiseas.”

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh an phleanáil teanga mar atá le saolré na Gaeilge sa Ghaeltacht – duine d’údair an Staidéir Theangeolaíoch'

  • Ruairí

    Teastaíonn foireann comhordnóirí agus saineolaithe chun ról an Stáit a stiúrú ie. seirbhísí i nGaeilge a bheith ann agus gan ceist ar bith faoi ná moill urthu. Seachas Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta níl na Ranna Stáit is eagraíochtaí Stáit ag cur cur seirbhísí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Ní mór raic a thógaint chun teacht ar ‘the Irish man / woman” má tá tú sách ceanndána faoi do cearta teanga a éileamh. Mar shampla níl aon oifig i gConamara ag INTREO (roinn leasa shóisialaigh) agus bíonn ar dhaoine dífhostaithe ón nGaeltacht atá ag braith ar an dól taistil go Gaillimh chun freastal ar agallaimh i mBéarla agus cúrsaí éigeantacha i mBéarla in oifigí INTREO.