Ní chraolfar athimirt chluiche ceannais Chonnacht ar an teilifís

Ní bheidh ach iad siúd a bheidh i láthair i bPáirc Mhic Éil ar an Domhnach in ann an athimirt idir Gaillimh agus Ros Comáin a fheiceáil beo de bharr na socruithe do na babhtaí cáilithe agus socrú idir RTÉ agus Sky Sports

Damien Comer (Gaillimh) agus Sean Mullooly (Ros Comain). INPHO/Donall Farmer
Damien Comer (Gaillimh) agus Seán Mullooly (Ros Comáin). INPHO/Donall Farmer

bheidh athimirt chluiche ceannais peile Chonnacht idir Gaillimh agus Ros Comáin Dé Domhnaigh seo chugainn á chraoladh beo ar an teilifís.

Socraíodh tráthnóna go n-imreofar an athimirt i bPáirc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh, ag 3.30i.n. ar an Domhnach. Cluiche ceannais peile Uladh idir Dún na nGall agus Tír Eoghain (2.00i.n.) agus an cluiche ceannais i gCúige Laighean idir Baile Átha Cliath agus an Iarmhí (4.00i.n.) a bheidh á dtaispeáint ar RTÉ.

Bhí cluiche na Gaillimhe agus Ros Comáin le bheith ann Dé Sathairn i gCaisleán an Bharraigh ach tháinig athrú ar an scéal sin de bharr na socruithe do Bhabhta 3 de na cluichí cáilithe a fógraíodh ar maidin.

Mar thoradh ar an tarraingt sin, imreoidh Maigh Eo in aghaidh Chill Dara i bPáirc Mhic Éil tráthnóna Dé Sathairn, cluiche a bheidh á chraoladh beo ar Sky Sports ag 7.00i.n.. Tá socrú ann idir RTÉ agus Sky Sports nach gcraolfaidh na stáisiúin cluichí difriúla ag an am céanna.

Nuair a chríochnaigh cluiche an lae inné i bPáirc an Phiarsaigh idir Gaillimh agus Ros Comáin ar comhscór, roghnaigh Ros Comáin go mbeadh an athimirt i gCaisleán an Bharraigh toisc go bhfuil dromchla nua á chur ar Páirc de hÍde i Ros Comáin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ní chraolfar athimirt chluiche ceannais Chonnacht ar an teilifís'