Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais inniu

Beidh freagracht speisialta ar Edel Ní Chorráin, arb asas Fear Manach di, as seirbhísí oideachais agus í ag obair mar Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais an Fhorais freisin

Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais inniu

Tá Edel Ní Chorráin, a ceapadh ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge mí Mheithimh, tosaithe i mbun a cúraimí in oifig Bhéal Feirste na heagraíochta inniu.

Beidh freagracht speisialta ar Ní Chorráin, as Fear Manach, as seirbhísí oideachais agus í ag obair mar Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais an Fhorais freisin.

Is as an nGarastún i gContae Fhear Manach ó dhúchas í Ní Chorráin. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá teastas iarchéime san Oideachas aici ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste chomh maith le M.Sc sna hIlmheáin Oideachais ón ollscoil chéanna.

Chaith sí tamall ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste agus i gColáiste Chineál Eoghain i gContae Dhún na nGall. Bhí sí tráth ina heagarthóir cúnta le Foras na Gaeilge agus ina bainisteoir oideachais don Ghaeloideachas leis an CCEA.

Fágadh go raibh folúntas ann do ról an Leas-Phríomfheidhmeannaigh ag deireadh na bliana seo caite nuair a ceapadh Seán Ó Coinn ina Phríomhfheidhmeannach ar an bhForas. Thréaslaigh Ó Coinn a ceapachán le Ní Chorráin agus dúirt gur “obair ríthábhachtach” a bheidh á anamh aici.

“Cé go mbeidh Edel lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, beidh cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad ag am cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de.

“Beidh Edel ag tabhairt réimse scileanna agus taithí léi isteach sa phost ó na tréimhsí atá caite aici mar mhúinteoir agus mar riarthóir i réimse an oideachais,” a dúirt Ó Coinn.

Dúirt Ní Chorráin féin go mbeidh “tábhacht” le ról reachtúil comhairleach an Fhorais don dá rialtas, go háirithe anois agus an Ghaeilge go mór faoi chaibidil ó thuaidh.

“Beidh sé mar thosaíocht agam feasacht a ardú ar bhuntáistí an dátheangachais, an tairbhe a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar ábhair eile cosúil le Matamaitic trí mheán na Gaeilge go háirithe. Fuair mé mo chuid oideachais trí mheán an Bhéarla agus tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu chomh maith.

“Mar sin, tá sé mar aidhm agam feasacht a ardú maidir le tairbhe na Gaeilge do dhaoine óga tríd an tionscadal Gaelbhratach agus cur le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar GCSE agus don A-leibhéal,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais inniu'