Ní choinneodh ‘Fear Bréige’ Stormont na préacháin as an arbhar

Léiríonn a n-iarratas go nglacfadh Alliance le haireacht i Stormont go bhfuil Sinn Féin agus an DUP go maith in ann ag comhroinnt na cumhachta nuair a fheileann sé dóibh

Stormont Scarecrow

Seans go bhfuil fearas leictreonach ann anois chun na héin a choinneáil as an gcuraíocht nó na torthaí ach rud speisialta ab ea an fear bréige nuair a bhí mise óg. Ba mhór an spraoi é a bheith ag cuidiú le daoine fásta chun feisteas a chur ar mhaidí ag cúinne na páirce. Nach é a bhíodh galánta gléasta i seanseaicéad, léine, bríste pacáilte le tuí agus a hata ar leathstuaic.

Galamaisíocht i Stormont faoi aireacht an chirt a chuir i gcuimhne dom é. Theastaigh ón dá phríomhpháirtí dualgas a aistriú chuig mionpháirtí. Faillí ar leas an phobail a bheadh ann dá ndiúltódh Alliance don ról; é sin mar nach bhfuil na príomhpháirtithe in ann ag an gcúram, fiú ar mhaithe leis an leas coiteann. ’Sé an mionpháirtí a bheadh faillíoch mura ndéanfadh sé rud ar na cinn mhóra.

Nuair a ritheadh reachtaíocht i Stormont chun freasúra oifigiúil a cheadú bhí an DUP agus Sinn Féin den bharúil, le drochmheas, nach roghnódh aon cheann de na trí ‘mionpháirtí’ an freasúra thar aireacht. Bhain fógra Mike Nesbitt go raibh an UUP ag diúltú do ról sa bhFeidhmeannas siar as an dá mhórpháirtí. Chuir an cor nua sin sa scéal  iallach orthu aireacht a thabhairt don SDLP agus don Alliance, a dúirt go ngabhfadh siadsan sa bhfreasúra freisin mura mbeidís sásta leis an gclár rialtais.

D’fheil sé don DUP agus do Shinn Féin le naoi mbliana na páirtithe eile a bheith sa bhFeidhmeannas leo. Cé nár caitheadh leo ar bhonn comhionannais ba sciath chosanta iad mar go bhféadfaí milleán a roinnt leo. Thairis sin nuair nach raibh an DUP agus Sinn Féin in ann a theacht ar réiteach faoi bhall dá bpáirtithe a bheith ina aire cirt tháinig an Alliance i gcabhair orthu. Bhí an dá thaobh in ann tacú le ceapachán David Ford ón Alliance cé nach raibh a pháirtí i dteideal aireachta faoi chóras d’Hondt.

Má dhiúltaíonn Alliance don aireacht an geábh seo beidh fadhb mhór ag an DUP agus ag Sinn Féin. Is fusa go mór an cúram a chur ar dhream éigin eile ná a theacht ar réiteach eatarthu féin. Is ina leith sin a chuathas i muinín an fhir soip nó an fhir bhréige.

Ní thabharfadh an DUP vóta do Theachta ó Shinn Féin mar Aire Cirt, a dúirt Arlene Foster le UTV. Nuair a d’fhreagair a comh-Chéad-Aire, Martin McGuinness, ní uirthise ach ar pháirtí Alliance a dhírigh sé a bhinb.

“Caithfidh Alliance cinneadh a dhéanamh conas an próiseas seo a choinneáil sa tsiúl, conas is féidir linn Aire Cirt a sholáthar,” arsa McGuinness. “Ciallaíonn sé sin tosaíocht a thabhairt don phobal agus tá súil agam gurb in an rud a dhéanfaidh Alliance,” ar sé.

Bréagargóint is ea é sin. Cur i gcéill ag Foster agus McGuinness gur ar dhream eile seachas orthusan atá an fhreagracht easaontas eatarthu a fhuascailt. Nach maith mar atá siad in ann ag comhroinnt na cumhachta nuair atá tarrtháil uathu? Comhartha sóirt ar éagumas agus mífheidhmiú roinnt na cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin is ea é nach féidir Aire Cirt a cheapadh faoin ngnáthchóras.

Déanfaidh ardchomhairle Alliance cinneadh faoin gceist oíche Déardaoin. Ba dheacair locht a fháil orthu dá ndéarfadh siad leis an dá mhórpháirtí a gcuid oibre féin a dhéanamh. Mhaígh Trevor Lunn ón Alliance gur shotalach an mhaise é don DUP agus Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go dtiocfadh Alliance i gcabhair orthu arís amhail is nach mbeidís in ann diúltú d’aireacht. Má ghlacann siad leis an aireacht, beidh an cúram ar dhuine nua mar d’fhógair David Ford nach ndéanfadh sé féin arís é.

Réiteodh freagra dearfach ó Alliance an fhadhb sa ghearrthéarma ach ní fuascailt bhuan ar an gceist a bheadh ann; ní choinneodh sé na préacháin as an arbhar.

Fág freagra ar 'Ní choinneodh ‘Fear Bréige’ Stormont na préacháin as an arbhar'