Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee

Tá scéalta tábhachtacha le heachtraí in The Guarantee a bhféadfaí an-adhmad a bhaint astu, ach bhí suarachas an bhuiséid le feiscint go soiléir.

The-Guarantee_0165-630x350

The Guarantee
Stiúrthóir: Ian Power
Cliar: Peter Coonan, David Murray, Gary Lydon, Morgan C. Jones, Orla Fitzgerald.


Ar an 29 Meán Fómhair 2008, chinn Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre, ar Anglo Irish Bank go háirithe, a bhí sna croití deireanacha.

Bhí luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc agus n’fheadar Dia ná duine cé mhéad a chosnóidh an tubaiste ar mhuin na tubaiste seo orainn i bhfad na haimsire.

D’eascair an scannán seo as dráma den teideal céanna agus déanann sé iarracht ciall éigin a bhaint as an oíche chinniúnach sin, mar aon le héachtaint a thabhairt ar an tréimhse roimhe sin.

Tá comparáidí le rianú idir seo agus an táirge Meiriceánach Margin Call (2011) a dhírigh ar an oíche chinniúnach gur thuig banc infheistíochta nach raibh pingin rua acu. Ar an drochuair, fágann saothar Kevin Spacey, Paul Bettany agus Jeremy Irons a gcéilí comhraic Éireannacha in áit na leathphingne.

Is léir ón gcéad luí súl go bhfuil an t-ámhabhar anseo le scannán tábhachtach den scoth a sholáthar, ach an t-ábhar sin a chíoradh mar is cuí.

Baineann eachtraí na hoíche sin le cúrsaí gnó, eacnamaíochta, polaitíochta, caimiléireachta agus le hinmharthanacht an Stáit ina iomláine.

Tá an toise Eorpach agus Domhanda ag brú isteach chomh maith.

Bhí lucht déanta an scannáin idir dhá thine Bealtaine. Bhíodar ag iarraidh léargas fírinneach a thabhairt ar an tréimhse atá i gceist mar aon le drámatúlacht a ghiniúint agus carachtair théagartha a sholáthar.

I ndeireadh na dála, bhí an machaire rófhairsing.

Treascraíonn na figiúirí agus staitisticí aon iarracht ar charachtar a chíoradh nó scéal comtháite a insint.

Bhí an radharc ina raibh Brian Cowen ag tabhairt óráide agus ag féachaint ar leanbh beag le béirín seafóideach amach is amach.

Baintear úsáid as míreanna nuachta/cúrsaí reatha (ó TV3 a bhformhór gan amhras, óir bhí siad páirteach sa mheitheal léirithe) agus grafaicí le cabhrú leis an ualach a iompar ach is snámh in aghaidh easa é.

Bheadh sé i bhfad Éireann níos éifeachtaí díriú ar charactar amháin (Brian Lenihan nó David Drumm) agus an scéal a fháisceadh beagáinín.

Ní éiríonn leis an scannán éalú óna chúlra stáitse.

Tá na radharcanna ar fad in oifigí agus tá rian an stáitse taifeadta le sonrú go soiléir i radharcanna atá in ainm is a bheith taobh amuigh.

Ní gá go mbeifí ag iarraidh é a fhéachaint le The West Wing (a tháinig os ár gcomhair den chéad uair cúig bliana déag ó shin) ach ba cheart foghlaim ón ngaisce a dhein Borgen.

Lena gceart a thabhairt don gcliar, déanann siad a ndícheall dul i gleic leis an ábhar tur agus éiríonn leo ar uairibh an drámatúlacht chuí a chothú, ach níor luigh sé le ciall ná le réasún go mbeadh aisteoirí ag tabhairt faoi níos mó ná ról amháin.

I radharc amháin, tá Coonan ag léiriú David Drumm go cumasach agus i bhfaitheadh na súl, tá croiméal caite in airde aige agus é ina oifigeach ón mBanc Ceannais.

Oibríonn cur chuige mar sin ar stáitse ar uairibh, ach ní féidir an cleas céanna a thabhairt leat go dtí an scáileán.

Scéalta tábhachtacha le heachtraí a bhféadfaí an-adhmad a bhaint astu, ach bhí suarachas an bhuiséid le feiscint go soiléir.

Fág freagra ar 'Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee'