‘Ní ceart don rialtas airgead a thabhairt d’imreoirí CLG’ – Mick O’Connell

Deir an t-iarpheileadóir ó Chiarraí gur chóir airgead a chaitheamh ar rudaí níos tábhachtaí ná ‘caitheamh aimsire’

‘Ní ceart don rialtas airgead a thabhairt d’imreoirí CLG’ – Mick O’Connell

Níor cheart don Rialtas airgead a íoc le himreoirí CLG, dar le duine de mhórlaochra na peile, Mick O’Connell.

Ag labhairt dó ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt O’Connell gur faoin CLG é a rogha rud a dhéanamh lena gcuid airgid féin, ach nach bhfuil dóthain airgid ag rialtas na tíre chun imreoirí a íoc.

“Tá sé ceart go leor an t-airgead a dhéanann Cumann Lúthchleas Gael agus Páirc an Chrócaigh a chaitheamh ar na himreoirí más mian leo, ach ní aontaím ar chor ar bith gur cheart airgead an rialtais, cáin atá bailithe ón ngnáthdhuine, a íoc leis na himreoirí.

“Tá rudaí níos tábhachtaí ann – ó thaobh cúrsaí oideachais, cúrsaí sláinte – ar cheart an t-airgead sin a chaitheamh orthu,” a dúirt O’Connell.

D’fhógair an Rialtas an mhí seo caite go bhfuil ardú mór le teacht ar an méid airgid a chuirfear ar fáil d’imreoirí CLG amach anseo. Mar chuid den socrú nua, gheobhaidh Cumann Imreoirí Gael €1.6 milliún ó Spórt Éireann i mbliana. Faoin am a thiocfaidh deireadh leis an socrú seo in 2019, beidh €3 milliún in aghaidh na bliana á chur ar fáil d’imreoirí idirchontae.

Tá O’Connell den tuairim go bhfuil na cluichí Gaelacha éirithe “ródháiríre” sa lá atá inniu ann agus caint ann faoi chluichí gairmiúla a dhéanamh díobh.

“Is ionann spórt agus caitheamh aimsire. Bíonn [imreoirí] ag rá go bhfuil brú orthu agus go gcaitheann siad a bheith ag traenáil ach is caitheamh aimsire é an traenáil, agus [tú] ag déanamh teagmhála le daoine atá ar comhaois leat agus rudaí mar sin. Is iontach an rud é sin. Sin caint atá curtha os a gcomhair ag na meáin, go bhfuil brú orthu.”

Deir O’Connell, a bhain an ceithre scór amach inniu, go bhfuil an t-ádh ar aos óg na linne seo go bhfuil áiseanna spóirt den scoth ar fáil dóibh, rud nach raibh ann nuair a bhí seisean ag imirt.

“Bhí sé deacair ag na daoine fadó, agus saol an-dheacair acu. Bhíodh Paddy Bán [Brosnan] thall sa Daingean, bhíodh sé ar an bhfarraige agus thiocfadh sé isteach ar an Satharn chun imirt. Bhí sé sin i bhfad níos deacra ná mar atá ag na daoine óga anois.

“Tá na háiseanna acu anois. Ní raibh na háiseanna ag na daoine óga fadó agus iad ag imirt. I bPáirc an Ghearaltaigh i gCill Airne, ní raibh ardán, ní raibh seomra feistis nó tada ann. Is cuimhin liom: bhí seomra i dTeach na nGealt [an t-ospidéal in aice láimhe] ina mbímis ag cur feistis orainn.”

Fág freagra ar '‘Ní ceart don rialtas airgead a thabhairt d’imreoirí CLG’ – Mick O’Connell'