Ní bhíonn saoirse gan locht, ach tá an tsaoirse agam an méid sin a rá…

Ní bhíonn saoirse gan locht, mar a fuair muintir na Éireann amach tar éis 1916, ach ní raibh saoirse cainte i réim sa tír i 1916 mar atá anois agus ní beag san

1916rising

Níl baint shoiléir dhíreach ag Éirí Amach 1916 le saol ár linne, dar liom, ach ar bhealach amháin. Bhí easpa saoirse na tíre chomh soiléir an uair sin is atá saoirse (theoranta) na tíre anois. Céad bliain ó shin, bhí dóchas ag náisiúnaigh go mbainfí saoirse de chineál éigin amach a bheadh chomh láidir leis an neamhspleáchas a thugann sásamh gan smaoineamh dúinn i 2016.

Nílim ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh de thábhacht an Éirí Amach. Tharla sé fadó. Is cuid dár stair é agus ní féidir ár stair a thuiscint i gceart gan staidéar a dhéanamh ar 1916, ar an gcúis a bhí leis agus ar an lorg a d’fhág sé ina dhiaidh.

Ach spreagann caint ar eiseamláir nó ar ‘spiorad’ 1916 amhras ionam i gcónaí.

Is léir dúinn uilig anois an tairbhe a baineadh, agus nár baineadh, as an neamhspleáchas a bhí mar thoradh ar an gcorraíl sa tír a thosaigh leis an Éirí Amach. Is soiléire tábhacht an Éirí Amach, sílim, nuair chuirtear daoirse 1916 i gcomparáid leis na céimeanna chun saoirse a tugadh dá thoradh.

Rinne aontachtach leathan-aigeantach ó Bhéal Feirste cur síos breá ar thábhacht ár saoirse dom le linn chomhrá ar an traein go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin.

Arsa mo dhuine liom:

The thing I admire about your country is that you can all say what you like about each other or about the country and what’s wrong with it, who’s a disgrace, and so on. But nobody calls anyone a traitor or a lundy, or says you’re not loyal to your country. You’re still accepted as Irish.

Cuimhním ar a ndúirt sé gach uair a chloisim gearán faoi chlár teilifíse nó faoi alt nuachtáin ina léirítear amhras nó míshásamh (a) faoin Éirí Amach, (b) faoi Chogadh na Saoirse, nó (c) faoi gach ar tharla ó shin i leith.

Ní raibh cead cainte i réim sa tír i 1916 mar atá anois. Ní beag san.

Cén leas fiúntach a bhaintear as? Sin ceist eile.

Mol an óige…

Le linn an fheachtais toghcháin, d’áitigh iarrthóirí Fhine Gael agus an Lucht Oibre ar an bpobal gan Fianna Fáil, an dream a scrios an tír, dar leo, a chur i mbun rialtais arís. Ba léir an laige mhór ina gcás ó thús. Ní raibh ach scata beag de ‘lucht scriosta na tíre’ ag seasamh sa toghchán, mar is léir ach cíoradh a dhéanamh ar bhallraíocht an pháirtí sa 32ú Dáil.

Toghadh seachtar as Fianna Fáil a bhí páirteach sa rialtas a bhí i mbun riar na tíre idir 2007 agus 2011 nuair a theip ar na bainc, ar an státchiste agus ar an ngeilleagar.

An t-ochtar ón tseanré:  na hiar-airí Micheál Martin, Brendan Smith, Willie O’Dea agus Éamon Ó Cuív, na hairí stáit Dara Calleary, Seán Haughey agus John McGuinness, agus an t-iarPhríomh-Aoire John Curran.

Toghadh 14 Teachta Dála ó Fhianna Fáil a bhí sa Dáil le linn thréimhse na tubaiste ach nach raibh aon phost rialtais acu, ina measc an Ceann Comhairle nua Seán Ó Fearghaíl,  Michael McGrath, Pat ‘the Cope’ Gallagher, John McGuinness, Niall Collins agus Billy Kelleher.

Is in 2011 (triúr Teachtaí Dála) nó i mbliana (21 Teachta Dála) a toghadh an chuid eile d’ionadaithe  nua Fhianna Fáil i nDáil Éireann. Is é sin le rá gur Teachtaí Dála nach raibh ann le linn na tubaiste is ea beagán le cois 50% den bhallraíocht iomlán (44 Teachta Dála).

Is léir ón anailís seo laige chás an tseanrialtais in aghaidh Fhianna Fáil. Ní raibh os cionn 50% den pháirtí parlaiminteach nua sa Dáil le linn tréimhse dheireanach an pháirtí i mbun rialtais. Níl ach ochtar iar-airí (níos lú ná 20%) sa pháirtí Dála anois ar féidir lánfhreagracht a chur ina leith mar gheall ar bhotúin agus ar fhaillí an pháirtí roimh 2011.

– Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Ní bhíonn saoirse gan locht, ach tá an tsaoirse agam an méid sin a rá…'