Ní bheidh Gaelscoil nua i gCill Dara theas go ceann dhá bhliain ar a laghad

Deir an tAire Oideachais go bhfuil ‘roinnt brú déimeagrafaíochta’ ar Chill Dara theas i láthair na huaire ach nach leor é chun gur ghá scoil nua a oscailt

classroom

Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais scoil nua lánGhaeilge a thógáil i gCill Dara theas sa dá bhliain amach romhainn toisc nach bhfuil gá le scoil nua sa cheantar, dar leis an Aire Oideachais, Richard Bruton.

Dúirt an tAire Bruton sa Dáil go bhfuil “roinnt brú déimeagrafaíochta” ar Chill Dara theas i láthair na huaire ach nach bhfuil an oiread sin brú ar an gceantar gur gá scoil nua a oscailt ann go luath.

Tá 708 dalta ag freastal ar thrí scoil lánGhaeilge i gCill Dara theas faoi láthair: Gaelscoil Chill Dara sa Droichead Nua, Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara agus Gaelscoil Átha Í.

Bhí an tAire Bruton ag freagairt ceist ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín faoi phleananna a Roinne scoil nua lánGhaeilge a oscailt sa cheantar.

Dheimhnigh an tAire Bruton go dtógfar 13 scoil nua sna blianta 2017 agus 2018 le freastal ar an éileamh atá ann i gceantair timpeall na tíre. Mhínigh an tAire go n-aithníonn a Roinn na ceantair a dteastaíonn scoileanna nua iontu trí anailís a dhéanamh ar an éileamh ar bhonn náisiúnta.

Dúirt sé go bhfuil “athbhreithniú leanúnach” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar cheantair ar fud na tíre, Cill Dara theas san áireamh, agus go gcuirfear tús le próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua nuair a bheidh an brú déimeagrafaíochta chomh mór sin ann go dteastaíonn scoil nua sa cheantar.

Bheadh an próiseas sin “open to all patron bodies and prospective patrons, including patrons involved in Irish-medium provision” a dúirt an tAire.

Dúirt an tAire Bruton go mbreathnaítear go géar ar rogha na dtuismitheoirí nuair atáthar ag roghnú pátrúin scoile agus go gcuirtear an rogha scoile atá ar fáil cheana féin san áireamh freisin.

Fág freagra ar 'Ní bheidh Gaelscoil nua i gCill Dara theas go ceann dhá bhliain ar a laghad'