Ní bheidh aon rún á cheilt ag Port Láirge ná ag Contae an Chláir

Bhí tréimhsí ceannais ag an dá fhoireann sa chluiche deireanach agus thaispeáin an dá fhoireann go bhfuil teacht aniar iontu nuair a bhíonn gá leis

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Beimid ag triall ar Dhurlas Éile arís amárach agus an dara deis á fáil ag Port Láirge agus an Clár.

Bhí chuid maith den chéad chluiche lán le botúin agus le himirt mhíshlachtmhar. Bheadh an lá tugtha leo ag na Déise le linn an 70 nóiméad féin murach an míchruinneas sin. Ach léirigh Maurice Shanahan nach gcuireann rud ar bith eagla air agus an poc saor sin á thógáil ar deireadh aige.

Gan dabht bhí fadhb ag Port Láirge an lá cheana lena gcuid buillí saora. Bíonn Patrick Curran agus Shane Bennett an-chruinn de ghnáth leis na pocanna céanna ach an Domhnach seo caite theip orthu beirt a ndóthain díobh a chur thar an trasnán.

Ní fheadar an bhfuil seans go bhfeicfimid Pauric Mahony ag teacht isteach níos luaithe sa chluiche amárach. Ní foláir dóibh níos mó de na pocanna saora sin a shlánú amárach agus níl mórán sa tír atá níos fearr ná Mahony i mbun an chúraim sin nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

Imríodh an cluiche díreach mar a cheapamar a d’imreofaí é agus cosantóir le cois á úsáid ag an dá fhoireann agus tromlach na n-imreoirí ag obair suas síos ar fud na páirce.

É sin ráite, bhí sé suimiúil le linn am breise, go háirithe sa dara leath, gur bhain an dá fhoireann leas i bhfad níos mó as an bpoc fada. 

Bhí an imirt i bhfad níos oscailte sa tréimhse sin agus bhí i bhfad níos mó scóranna againn. 

Amárach, táim ag súil le tuilleadh den rud céanna le cosantóirí le cois agus an chuid is mó den imirt idir an dá líne daichead a cúig.

Tá tosaithe den scoth ag an dá thaobh agus ní dóigh liom go mbeadh ceachtar den dá bhainisteoir sásta le cur chuige ‘duine ar dhuine’. 

Bhí cuid mhaith gearán sna meáin faoi chaighdeán an chluiche ach sin mar a imrítear cluichí na laethanta seo. Tá béim anois ar an gcosaint, ar chomhoibriú, ar sheachadadh tapa na liathróide agus ar dhúrúch oibre.

An féidir a rá go bhfuil buntáiste anois ag ceachtar de na foirne ó thaobh na síceolaíochta? Ní dóigh liom é. Bhí tréimhsí ceannais ag an dá fhoireann sa chluiche deireanach agus thaispeáin an dá fhoireann go bhfuil teacht aniar iontu nuair a bhíonn gá leis.

Is dócha go mbeidh coimhlint ghéar sa chluiche seo sa chéad leath. Ach mar a bhíonn i ngach cluiche, beidh tráth ann go mbeidh an imirt ábhairín beag níos scaoilte, go háirithe i dtreo dheireadh na himeartha agus an toradh fós idir dhá ceann na meá. Ní dóigh go mbeidh ceachtar den dá fhoireann ag coimeád aon rún roimh an gcluiche craoibhe a bheidh eatarthu sula i bhfad. Tá corn le buachan agus sin í an sprioc. 

Is deacair a rá cé a bhuafaidh. Cheapas go raibh rud éigin sa bhreis ag an gClár roimh an gcéad chluiche agus b’in é an fuadar a bhí fúthu de bharr na gcluichí sin i gcoinne Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh. Amárach is dócha go mbeidh rudaí níos cothroime fós agus ceapaim go mbeidh an toradh fós idir dhá cheann na meá go dtí na nóiméid dheireanacha. Rud éigin speisialta – agus tá a fhios againn go bhfuil imreoirí speisialta ag an dá thaobh – a shocróidh cé leis a bheidh an lá.

Fág freagra ar 'Ní bheidh aon rún á cheilt ag Port Láirge ná ag Contae an Chláir'