Ceist faoi choinníoll teanga le díolachán Aer Lingus múscailte sa Dáil

Thug an tAire Iompair, Pascal Donohoe le fios sa Dáil an tseachtain seo nach mbeidh aon ghá ag Aer Lingus don Ghaeilge faoi choimirce IAG ar an mbonn go bhfanfaidh sé ina ‘aerlíne Éireannach’

Aerlingus.a321-200.ei-cpe.arp

Ní fheiceann an tAire Iompair “aon fáth go mbeadh athrú” ar an úsáid a bhaineann Aer Lingus as an nGaeilge nuair a dhíolfar scaireanna an Stáit san aerlíne náisiúnta.

Thug an tAire le fios sa Dáil an tseachtain seo caite nach bhfuil aon riachtanas teanga ar Aer Lingus faoi láthair agus mar sin nach bhfuil ceist an riachtanais ábhartha do dhíolachán an aerlíne.

“Ta sé curtha in iúl ag IAG nach mbeidh aon athrú ar bhranda agus céannacht Aer Lingus agus go bhfanfaidh sé ina aerlíne Éireannach. Ar an mbonn sin, ní fheicim aon fáth go mbeadh athrú ar úsáid Gaeilge na haerlíne,” a dúirt an tAire.

Ba é Caoimhghín Ó Caoláin TD (SF) a chuir ceist Dála ar an Aire Dé Máirt faoi choinníoll teanga a chur sa socrú maidir le scaireanna an Stáit in Aer Lingus. Chuir sé an cheist, a dúirt sé, i bhfianaise stádas an chomhlachta mar aerlíne náisiúnta.

Dúirt urlabhraí Uí Chaoláin le Tuairisc.ie nach raibh aon rud le rá aige faoin bhfreagra a fuair sé ón Aire Donohoe.

Thug Aer Lingus le fios do Tuairisc.ie i mí na Samhna seo caite nach raibh sé i gceist ag an gcomhlacht an Ghaeilge a chur leis an rogha teangacha atá ar fáil ar an suíomh idirlín atá acu.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur “léiriú eile ar na heasnaimh atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla” agus sna leasuithe nua atá beartaithe don Acht a bhí sa méid a bhí le rá ag an Aire Donohoe. Dúirt sé go mba chóir go mbeadh ar aon ghrúpa le ceadúnas ón stát seirbhís a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.

Luaigh sé freisin an “ghné uathúil dhíolacháin” a bhaineann leis an nGaeilge ó thaobh táirgí Éireannacha de.

“Ba chóir d’Aer Lingus, beag beann ar aon reachtaíocht, breathnú ar an teanga mar bhuntáiste. Dhéanfadh sé ciall dóibh ar mhaithe le gnó, fiú, cloí leis an nGaeilge.

“Dá mbeadh siad ag iarraidh dílseacht níos mo a mhealladh chuirfeadh siad an tseirbhís ar fáil. Chabhródh sé leo ó thaobh margaíochta agus scarfadh sé amach iad ó sholáthraithe eile,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ceist faoi choinníoll teanga le díolachán Aer Lingus múscailte sa Dáil'

  • Máirtín Ó Cadhain

    Gan trácht air sin, ní ghlacann suíomh ar-líne áirithinte Aer Lingus le hainmneacha Gaeilge.

    Féach le d’ainm (má tá sínte fada ann) a scríobh isteach ar an suíomh, agus gheobhaidh tú amach go han-tapa nach bhfuil fáilte roimh Ghaeilge.