Ní bheidh aon ardú ar an €100,000 atá geallta do choistí pleanála teanga de thoradh ardú buiséid

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie nach gcuirfear leis an €100,000 atá geallta cheana do choistí pleanála teanga as an gciste méadaithe a bheidh ar fáil don phleanáil teanga in 2018

Ní bheidh aon ardú ar an €100,000 atá geallta do choistí pleanála teanga de thoradh ardú buiséid

Ní thiocfaidh aon ardú ar an €100,000 atá geallta cheana do choistí pleanála teanga na Gaeltachta de thoradh an €1.4 milliún breise a fógraíodh don phleanáil teanga i mBuiséad 2018.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta aréir do Tuairisc.ie gur €2.65 milliún ar fad a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn don phleanáil teanga sna 26 limistéar pleanála teanga, sna bailte seirbhíse agus sna líonraí teanga a thagann faoi scáth an chórais pleanála teanga. Dheimhnigh an t-urlabhraí nach gcuirfear leis an €100,000 atá geallta “mar thús” do choistí pleanála teanga as an gciste €2.65 milliún.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhféadfadh coistí pleanála teanga cur lena mbuiséad don bhliain seo chugainn trí chur isteach ar scéimeanna tacaíochta Gaeltachta eile na Roinne. Is fiú €6.4 milliún i maoiniú reatha agus €2.3 milliún i maoiniú caipitil na scéimeanna sin.

Dúirt an t-urlabharaí go mbeifí ag déanamh anailíse ar na pleananna teanga de réir mar a thagann siad isteach agus go ndéanfaí na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta “a leasú de réir riachtanais na gcoistí pleanála teanga”.

Tá ráite cheana féin ag roinnt coistí pleanála teanga nach leor €100,000 chun na pleananna teanga atá ullmhaithe acu a chur i bhfeidhm.

Dar le duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, Tomás Mac Con Iomaire, go bhfuil sé in am ag lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht ‘seasamh a thógáil’ agus deir Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne gur ‘leathphleananna’ a bheidh mar thoradh ar an gcóras cheal maoinithe.

Dúirt Tomás Mac Con Iomaire, iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc.ie nach bhfuil an t-airgead atá á lua le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga “dóthanach ar chor ar bith” leis an bplean a réitíodh don Cheathrú Rua a chur i bhfeidhm.

Thug Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i gConamara le fios an mhí seo caite nach bhféadfaí an plean teanga a d’ullmhaigh siad a chur i bhfeidhm gan maoiniú agus acmhainní breise agus dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Thug urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le fios do Tuairisc.ie nár leor an maoiniú €100,000 atá á chur ar fáil do gach plean teanga, chun plean an cheantair sin a chur i bhfeidhm agus go dteastódh ar a laghad dhá oiread an méid sin chun go mbainfí a spriocanna amach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh le Tuairisc.ie aréir gur “ceist do Roinn na Gaeltachta” í aon cheist faoi ardú maoinithe do na coistí pleanála teanga. Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis fáilte roimh an €400,000 breise a fógraíodh don Údarás i mBuiséad 2018 agus dúirt “gur chéim sa treo ceart é”. Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh sé “ag súil” go gcuirfí tuilleadh le maoiniú an Údaráis don bhliain seo chugainn, mar a tharla le roinnt blianta anuas.

Cé go mbeidh €400,000 breise ag Údarás na Gaeltachta don bhliain romhainn, is laghdú atá i gceist i gcás an bhuiséid caipitil má chuirtear san áireamh an maoiniú breise a aimsíodh don eagraíocht fiontraíochta i ndiaidh an bhuiséid anuraidh. €8.2 milliún san iomlán an buiséad caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta in 2017 de réir freagra a thug Aire na Gaeltachta ar cheist Dála an tseachtain seo caite. €7 milliún d’airgead caipitil a bheidh ar fáil don Údarás an bhliain seo chugainn mura dtagann aon ardú ar an maoiniú a fógraíodh inné.

Fág freagra ar 'Ní bheidh aon ardú ar an €100,000 atá geallta do choistí pleanála teanga de thoradh ardú buiséid'