Ní bheidh an comórtas domhanda rugbaí againn. Drochscéal?

Tá an comórtas domhanda rugbaí caillte againn, más fíor, ach is drochscéala agus dea-scéala in éineacht an caillteanas

Ní bheidh an comórtas domhanda rugbaí againn. Drochscéal?

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ní dhéanfar an cinneadh foirmiúil go dtí go dtiocfaidh an Chomhairle Dhomhanda Rugbaí le chéile ar an 15 Samhain. Idir an dá linn, beidh Dick Spring agus a lucht cúnta ag stocaireacht go dian chun tacú le hiarratas na hÉireann.

Mar sin féin, tá gach cosúlacht ar an measúnú roimh ré a d’fhoilsigh coiste teicniúil na Comhairle Dé Máirt go bhfuil an cluiche caillte ag Éirinn.

Cuirfidh an teip díomá réasúnta ar mhórán. Thug an rialtas agus Cumann Lúthchleas Gael tacaíocht láidir d’fheachtas an IRFU. Bhí óstáin agus lucht gnó ag tnúth go mór le teacht scata breise turasóirí go hÉirinn in 2023.

Sin ráite, ní gá breathnú ar an teip mar dhrochscéal amach is amach. Ar an gcéad dul síos, ní bheidh ar an rialtas £120m/137m a chur ar fáil don lucht eagair mar fhrithghealladh, barántas i bhfocail eile, go nglanfadh an rialtas an méid sin den chostas reáchtála.

Ar an dara dul síos, ní chuirfear brú ar an rialtas airgead sa bhreis air sin a chaitheamh ar fhorbairt nó ar fheabhsúcháin eile a bheadh riachtanach chun lucht eagair an chomórtais a shásamh. Agus is dea-scéala é an drochscéala seo ar chúis níos doimhne.

Is dóigh go mbeadh ár mbunáite réasúnta cinnte, dá roghnófaí an tír, go mbeadh reáchtáil an chomórtais ar fheabhas. Mar a léirigh comhoibriú CLG go dtí seo, bheadh daoine ar fud na tíre sásta tarraingt le chéile.

Bheadh fonn ar gach duine sa tír (má chuirtear saint lucht gnó as an áireamh) tacú le reáchtáil ócáid spóirt náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheadh ina hábhar mórtais ar feadh i bhfad ina diaidh. Cuimhníonn go leor daoine a bhí fásta in 2003 ar an gcomhoibriú as cuimse ar fud na tíre a spreag na Cluichí Speisialta Oilimpeacha abhus, roimh an ócáid agus lena linn.

Léiríonn ócáidí dá leithéid (sampla eile: cuairt an Phápa Eoin Pól i 1979) ár gcumas tarraingt le chéile mar thír:

  1. Nuair a bhíonn aird an domhain orainn
  2. Nuair a bhíonn an riachtanas soiléir do chách
  3. Nuair nach dteastaíonn diansaothar ach ar feadh achair ghairid.

Faraor, cliseann ar ár gcumas nuair a theastaíonn cur chuige níos fadtéarmaí, níos deacra agus níos costasaí. Fiú nuair a léirítear riachtanas práinneach dúinn, arís agus arís eile, seachnaímid an cur chuige leanúnach a theastaíonn.

Bhí léargas ar an bhforbairt mhór ar an tseirbhís sláinte a bheas riachtanach idir seo agus 2030 i dtuairisc a d’fhoilsigh an Foras Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) an tseachtain seo caite. Bhí léargas eile ar an riachtanas sláinte, agus clár oibre chun taobhairt faoi, sa phlean a dhréachtaigh coiste uile-pháirtí i mí na Bealtaine.

Is léir an riachtanas. Níl an tseirbhís ábalta freastal ar an riachtanas reatha agus na liostaí feithimh ag sineadh i gcónaí. De réir mar a théann an daonra in aois, beidh foireann níos mó de dhíth, chomh maith le leapacha breise agus forbairt den uile chineál ar an tseirbhís.

Ainneoin gach cur síos ar an riachtanas, faoi láthair agus amach anseo, tá an tseirbhís ag dul ar gcúl. Dá dhonacht cúrsaí faoi láthair, is in olcas a rachaidh siad go dtí go léireofar dúthracht bhreise i dTeach Laighean, chomh maith le toil caiteachas a mhéadú – toil nach bhfacthas go dtí seo.

Ní foláir a rá go mbeidh deis ag an rialtas toil dá leithéid a léiriú sa phlean caipitil a fhoilseofar an mhí seo chugainn.

Chuir an drochscéal rugbaí díomá ar mhórán. Ach tabharfaidh sé beagáinín breise ama dár dTeachtaí Dála, agus dúinn uilig, chun smaoineamh ar riachtanas níos bunúsaí nár tugadh aghaidh i gceart air fós. 

Fág freagra ar 'Ní bheidh an comórtas domhanda rugbaí againn. Drochscéal?'

  • Seán Mac Gearailt

    Tá stailc traenach ar siúl, leatrom á dhéanamh ar mhúinteoirí óga, caimiléaracht sna bainc, géirchéim tithíochta, géirchéim sláinte 7rl. Ba liosta le háireamh na rudaí “nach bhfuil chomh maith agus d’fhéadfaidís a bheith” (dar leis an Taoiseach) ach ná bímis buartha. Tá súile ár bpolaiteoirí agus lucht rachmais na tíre dírithe go docht daingean ar chomórtas rugbaí.