Ní bheidh a leithéid arís ann (uaireanta is fíor don seanrá!)

Den chéad uair ó 2000, tá foireann na hÉireann ag tabhairt a n-aghaidh ar Chomórtas na Sé Náisiún gan Brian O’Driscoll. Ní i gcónaí a éiríonn le foirne na bearnaí a fhágann a leithéid a líonadh

Brian O’Driscoll ag fágáil slán le foireann na hÉireann an t-earrach seo caite. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Brian O’Driscoll ag fágáil slán le foireann na hÉireann an t-earrach seo caite. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tar éis na dtaispeántas a thug Robbie Henshaw i gcluichí an fhómhair, tá cuid den imní a bhain le héirí as Brian O’Driscoll curtha go leataobh.

Anuas air sin, tá súil ag Jared Payne, Darren Cave, Luke Fitzgerald agus Keith Earls gurb iadsan a bheidh ag caitheamh geansaí uimhir ‘13’ i bhfad na haimsire.

Ach an mbeidh éinne acu sách maith? Cé gur thug cluichí an fhómhair ábhar dóchais dúinn, is minic a thiteann an tóin as foirne nuair a bhíonn orthu comharba a aimsiú fháil do mhórlaoch ar nós O’Driscoll. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar céard a tharla d’fhoirne eile a raibh bearna mhór le líonadh acu…

Michael Jordan, ag buachan ceann de na sé chraobh a bhuaigh sé leo sna naochaidí
Michael Jordan ar tí ceann de sé chraobh NBA a bhuachan sna naochaidí

Na Chicago Bulls agus Michael Jordan

D’éirigh Michael Jordan as an gcispheil cúpla uair le linn dó bheith ag imirt san NBA. I 1993 agus trí chraobh NBA as a chéile buaite aige, rinne Jordan an cinneadh éirí as chun triail a bhaint as an daorchluiche (baseball). Níor sheas sé an fód i bhfad, áfach, agus d’fhill sé ar Chicago mar ar bhuaigh sé trí chraobh NBA eile idir 1996 agus 1998.

Sé chraobh san iomlán a bhuaigh na Bulls le Jordan ó 1991 go 1998, ach nuair a d’éirigh sé as ar fad sa deireadh, thit an tóin as an bhfoireann agus níl oiread is craobh amháin buaite acu ó shin. Sna sé bliana tar éis do Jordan na Bulls a fhágáil, níor bhain siad áit amach sna babhtaí cáilithe fiú. Cúig cinn de phríomhchóitseálaithe a bhí acu le linn na tréimhse céanna.

Tá Man Utd fós ag lorg ionadaí do Keane. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Tá Man Utd fós ag lorg ionadaí do Keane. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Manchester United agus Roy Keane

gur fhág Keane Manchester Utd beagnach deich mbliana ó shin, tá an club fós sa tóir ar chómhaith an Chorcaígh. Ó d’fhág Keane Old Trafford faoi scamall na conspóide, tá na milliúin caite ag United ag iarraidh teacht ar imreoir a líonfadh a bhuataisí i lár an ghoirt.

Idir an dá linn, tá beagnach €90 milliún caite acu ar leithéidí Owen Hargreaves, Michael Carrick agus Marouane Fellaini ach fós níl an locht réitithe. Is é an cineál imreora a shantaíonn lucht tacaíochta United faoi láthair ná imreoir cosanta lár páirce atá go maith leis ar an ionsaí.

Nó i bhfocail eile, imreoir cosúil le Roy Keane.

Is iomaí tosach a bhfuair Lohan (ar bharr) an ceann is fearr orthu. Pictiúr: INPHO
Is iomaí tosach a bhfuair Lohan (ar bharr) an ceann is fearr air. Pictiúr: INPHO

An Clár agus Brian Lohan

Nuair a bhuaigh An Clár Craobh na hÉireann i 1995 agus arís i 1997, bhí Brian Lohan mar chrann taca na gcosantóirí acu. Mar lánchúlaí, bhí fear Wolfe Tones iontach tábhachtach d’fhoireann Ger Loughnane le linn na mblianta ba rathúla a bhí ag an gcontae riamh.

Ó d’éirigh leis áit a fháil ar an bpainéal i 1993 go dtí gur éirigh sé as i 2006, bhí Lohan ar cheann de na himreoirí is fearr sa tír. Dhá bhonn Uile-Éireann, trí cinn de chraobhacha na Mumhan agus ceithre ghradam All-Star a bhuaigh fear na clogaide deirge.

Nuair a d’éirigh Lohan as, bhí an-chuid deacrachtaí ag an gClár a chómhaith a aimsiú. Chaith deartháir Lohan, Frank, geansaí uimhir a trí ar feadh tamaill, mar a rinne léithéidí Brian O’Connell, agus James McInerney. Ní raibh mórán ratha ar chontae an Chláir, áfach, go dtí aiséirí na bliana 2013.

Michael Schumacher, a bhí dobhuailte le Ferrari ó 2000 go dtí 2004. Pictiúr: INPHO/Getty Images
Michael Schumacher, a bhí dobhuailte le Ferrari ó 2000 go dtí 2004. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Ferrari agus Michael Schuamacher

Ag tús na mílaoise, bhí Michael Schumacher i gcraobh na dtiománaithe F1 gurb ar éigean gurbh fhiú a bheith ag breathnú ar an spóirt in aon chor. Idir 2000 agus 2004, bhuaigh an Gearmánach cúig chraobh as a chéile, agus ba mhinic an beart déanta aige i bhfad roimh dheireadh an tséasúir.

Rinne sé an cinneadh éirí as i 2006 agus ní raibh an forlámhas céanna ag Ferrari riamh ó shin. Cé gur bhuaigh Kimi Raikkonen craobh na dtiománaithe i 2007, níl aon cheann eile buaite ag an bhfoireann Iodálach ó shin in ainneoin go bhfuil buiséid i bhfad níos mó acu ná mar atá ag mórán foirne eile.

 ‘El Diego’ ar a mbealach chun Corn an Domhain a bhuachan leis an Airgintín i 1986
‘El Diego’ ar a mbealach chun Corn an Domhain a bhuachan leis an Airgintín i 1986

An Airgintín agus Diego Maradona

Ariel Ortega, Juan Riquelme, Pablo Aimar, Andres D’Alessandro, Javier Saviola. Níl ansin ach cuid de na himreoirí ar bronnadh an teideal, ‘an chéad Maradona eile’, le scór blianta anuas.

l aon teideal eile sa sacar a bhfuil an oiread sin stádais agus brú ag baint leis agus ní haon iontas é nach raibh aon cheann de na himreoirí seo inchurtha le Maradona.

Cé gur deacair a shamhlú go dtógfaidh aon imreoir eile áit ‘El Diego’ i gcroí agus in intinn mhuintir na hAirgintíne, leanfar ag cuartú an chéad tosaí beag, sciliúil eile gur féidir ‘an chéad Maradona eile’ a bhaisteadh air.

Fiú amháin i gcás Lionel Messi, ceann de na himreoirí is fearr atá feicthe againn riamh, ní thugann lucht tacaíochta an ‘Albiceleste’ an grá céanna dósan is a thugann siad do Maradona, in ainneoin an bhaint a bhí ag Messi len iad a thabhairt chomh fada le Cluiche Ceannais Chorn an Domhain anuraidh.