Ní bhaineann an reifreann seo go simplí le ‘grá’ nó ‘comhionnanas’

Tá bealaí níos fearr ann chun aghaidh a thabhairt ar cheist an phósta. Inis don Rialtas é a dhéanamh i gceart, a deir Benedict Ó Floinn

MI+Irish+Constitutional+Convention

Agus daoine i mbun vótála sa Reifreann amárach, beidh siad ar nós máinlia ag déanamh obráid thromchúiseach ar othar. Is é an t-othar ná Airteagal 41, a aithníonn an teaghlach. Má ghlactar leis an leasú, an dtiocfaidh an t-othar slán as an obráid seo?

Faoi láthair, admhaíonn Airteagal 41 gurb é an Teaghlach “an buíon-aonad príomha bunaidh den chomhdhaonnacht” le “cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna”. Ós ar an bpósadh atá an teaghlach bunaithe, gabhann an Stát air féin (de réir Airteagal 41.3) coimirce faoi leith a thabhairt d’ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.

Tá an ceangal idir fear agus bean ar cheann de phríomhthréithe pósta an Airteargail. Go deimhin, dúirt an Ard-Chúirt (sa chúis Zappone) go mbréagnaíonn an pósadh comhgnéis Airteagal 41, a dhéanann cosaint ar gach teaghlach.

Ní hamhlaidh a bheidh sé as seo amach, áfach, má ghlactar leis an leasú. Beidh vótóirí ag baint an bhunúis reatha, mar a thuigeadh na cúirteanna agus an tsochaí é leis na cianta, d’Airteagal 41, agus ag crúthú institiúid nua ina háit, institiúid nach bhfuil baint ar bith aici leis na tréithe sin. As seo amach, beidh an pósadh neodrach ar inscne. Mar a fhoráiltear sa Bhille a rithfear má ghlactar leis an leasú amárach, an Marriage Bill 2015, ní chuirfear isteach ar bhailíocht an phósta fiú má athraíonn duine den lánúin a inscne tar éis pósadh. Beidh tú in ann bean a phósadh agus beidh do phósadh baillí fiú má iompaíonn sí ina fhear (Ceannteideal 10 den dréacht foilsithe ag an Rialtas).

Rud atá cinnte, áfach, ná go mbeidh impleachtaí forleathan do pháistí. Má ghlactar leis an leasú, beidh an stádas céanna faoin mBunreacht ag pósadh idir beirt den inscne chéanna agus atá faoi láthair ag pósadh idir fear agus bean. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ceart bunreachtúil ag an mbeirt fhear teaghlaigh a bhunú (Murray –v- Murray). Ní ceart reachtúil, atá solúbtha agus atá an Rialtas in ann a leasú de réir riachtanas na lánúine, an pháiste nó na sochaí, ach ceart bunreachtúil. Conas atá beirt fhear in ann seo a dhéanamh, i.e. teaghlach a bhunú, ach le máthairionadaíocht nó cabhair eile? Is as an bhfíric bhunúsach seo a eascraíonn sciar maith des na deacrachtaí. Níl aon rogha ag páiste cinneadh a dhéanamh ar choinníollacha dá b(h)reith. An roghnófá saolú gan aithne ar bith le bheith agat ar do mháthair? Nó máthair ar bith a bheith ar lámh agat le linn do shaoil? Má ghlactar leis an leasú, ní bheidh saoirse ag an Rialtas agus é ag tabhairt faoi na ceisteanna seo.

Tá sé feicthe againn freisin cé chomh deacair a bhí sé labhairt faoin bpósadh idir fear agus bean le linn an fheachtais seo caite gan an aidiacht ‘homaphóbach’ a tharraing ort féin. Má ghlactar leis an rún agus más múinteoir thú, mar shampla, fiú i scoil Chaitliceach, céard a tharlóidh má leiríonn tú imní faoi na himpleachtaí don phósadh “gan beann ar gnéas” nó má labhraíonn tú i bhfabhar an phósta ‘thraidisiúnta’? Tá an rialtas ag geallúnt go mbeidh cosaint reachtúil ann ach, má tá se ann ar chor ar bith, an dtiocfaidh aon chosaint slán as dushlán bunreachtúil? Sa chás sin, ní bheadh i gcás leithéid Asher’s Bakery i mBéal Feirste ach tús an scéil.

Ní bhaineann an reifreann seo go simplí le “grá” nó “comhionnanas” (ceart atá faoi chosaint cheana féin sa Bhunreacht) ach le hathrú ollmhór bhunsraith dlí an Stáit. Ní raibh páipéir glas, anailís dhlíthiúil ná fiú machnamh déanta ar an leagan údarásach (i.e. an leagan Gaeilge) ag an Rialtas. Tá sé in am dúinn a insint dóibh go bhfuil bealaí níos fearr ann ná an leasú seo agus vóta a chaitheamh ina éadan.

Fág freagra ar 'Ní bhaineann an reifreann seo go simplí le ‘grá’ nó ‘comhionnanas’'

  • Deó de hÚseille

    ‘s é an ceist agat le fág tracht ná fag trácht!