Géarchéim Bhus Éireann – fadhb nach féidir leis an Rialtas í a chur ar an méar fhada

Cuirfidh an ghéarchéim i mBus Éireann Teachtaí Dála ar chaon taobh faoi bhrú

Géarchéim Bhus Éireann – fadhb nach féidir leis an Rialtas í a chur ar an méar fhada

Abair go bhfuil cónaí ort i nGaillimh. Tá fonn ort dul ar an mbus go Baile Átha Cliath inniu. Cén tseirbhís a roghnófá?

Maith dúinn a Ghaillimhigh, an cur síos seo a leanas ar na roghanna taistil ón gcathair. Gan amhras, tá an fhaisnéis seo a leanas agaibh cheana féin. Is mar eolas do léitheoirí as áiteanna eile atá na sonraí samplacha seo a leanas á dtabhairt againn:

GAILLIMH-BÁC TICÉAD SINGIL / AM TAISTIL

GoBus Praghas: 13. Fad an turais: dhá uair an chloig go leith.

Citylink: Praghas: 13. Fad an turais: dhá uair an chloig agus 25 nóiméad.

Bus Éireann Praghas: 14.72. Fad an turais: trí huaire agus fiche nóiméad (an bus is tapúla), nó ceithre huaire agus deich nóiméad (an bus is moille).

Ní gá dianmhachnamh a dhéanamh faoin difríocht ó thaobh costais agus ama idir na seirbhísí bus seo chun comhlacht amháin a cur as an áireamh. Is é sin murar amadán tú (glacaim leis nach ea).

Ní ag fáil locht ar Bhus Éireann atá an chomparáid seo thuas (is toradh é ar shocrú ar leith idir na comhlachtaí). Ní foláir a rá láithreach, freisin, nach stopann mearbhusanna Citylink agus GoBus aon áit idir an dá chathair, ach go stopann busanna Bhus Éireann sna bailte seo a leanas ar thurais idir Gaillimh agus an phríomhchathair:

Liosta iomlán na stad: Órán Mór, Creachmhaoil, Baile Locha Riach, Cill Rícill, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe, An Chríoch, Baile Daighean, Baile Átha Luain, An Móta, Baile Átha an Urchair, Cill Bheagáin, Bealach an Tirialaigh, Droichead Chaisleán Loiste, Bealach Bhaile an Mhuilinn, Cionn Átha Gad, Maigh Bhealaigh, an Bóthar Buí, Maigh Nuad, agus Leamhcán.

Is sampla réasúnta é an chomparáid thuas den chineál fadhb nach féidir le Bus Éireann ná leis an Rialtas í a chur ar an méar fhada ar feadh i bhfad eile. Cén fáth?

Deich bpointe faoin ngéarchéim i mBus Éireann

1. Chaill Bus Éireann 9 milliún anuraidh, dar leis an mbainistíocht.

2. Beidh Bus Éireann dócmhainneach roimh dheireadh na bliana, d’uireasa laghdú suntasach ar chostais agus/nó méadú ar dheontas an stáit.

3. Tá 2,600 fostaí i mBus Éireann.

4. Tá 500 fostaí, idir thiománaithe agus oibrithe eile, i mbun seirbhísí ‘Expressway’, an rannóg a chailleann an sciar airgid is mó.

5. Tá ciorrú ar sheirbhísí ‘Expressway’ nó a scor iomlán, molta ag comhairleoir Bhus Éireann.

6. Tá an Rialtas toilteanach deontas níos mó a cheadú don scéim saorthaistil, a deir an tAire Iompair Shane Ross, ACH

7. Cé gurb é caillteanas ‘Expressway’ an fhadhb is mó atá ag bagairt, ní cheadódh dlí an AE tacaíocht rialtais don tseirbhís sin.

8. Tá laghdú ar phá agus ar an bhfoireann molta ag an mbainistíocht.

9. Tá fógra stailce eisithe ag na ceardchumainn.

10. Níl cainteanna socraithe.

Mar is léir ón gcur síos beacht thuas, ní haon iontas é nach bhfuil réiteach simplí ar an ngéarchéim seo. Ach tá an riachtanas thar a bheith soiléir.

Is deacair dúshlán níos oiriúnaí don ‘nuapholaitíocht’ (gabhaim mo leithscéal, a léitheoir uasail) a shamhlú. Ní bheidh Teachta Dála ar bith, seachas ionadaithe Bhaile Átha Cliath b’fhéidir, slán ón mbrú a chuirfear orthu má chuireann géarchéim Bhus Éireann (a) seirbhísí tuaithe ar ceal agus (b) oibrithe as obair.

Ach is ag Teachtaí Fhine Gael agus Fhianna Fáil, chomh maith le neamhspleáigh an rialtais, atá an chúis imní is mó. Is féidir leo go léir a rá go gcaithfear seirbhísí réigiúnacha a chosaint. Conas a dhéanfar é?

Sin scéal eile.

Tá earrach corraitheach romhainn, fiú mura gcuirtear an míshuaimhneas atá ar an Aire Stát John Halligan i gcónaí san áireamh chomh maith.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Géarchéim Bhus Éireann – fadhb nach féidir leis an Rialtas í a chur ar an méar fhada'