Neart le déanamh ag Emmanuel Macron agus a mhacasamhla

Cúis cheiliúrtha é toradh thoghchán uachtaránachta na Fraince, ach tá dúshlán mór roimh Emmanuel Macron agus a mhacasamhla fud fad na hEorpa, a scríobhann ár gcolúnaí

Neart le déanamh ag Emmanuel Macron agus a mhacasamhla

Seachtó a dó bliain is an lá inné, tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda san Eoraip. Is dócha gur bheag a shamhlaigh na sluaite a bhí ag ceiliúradh ar an 8 Bealtaine 1945 go mbeadh an Eoraip i mbaol ón bhfaisisteachas arís choíche. Ach seo muid, daichead bliain ar aghaidh, agus osna faoisimh á ligean againn toisc nár éirigh le faisisteach mná uachtaránacht na Fraince a bhaint amach.

Agus is ea, bhí faoiseamh ag teastáil go géar uainn ar fad ar cás linn liberté, égalité agus fraternité, agus is cinnte gur cúis cheiliúrtha é bua Emmanuel Macron ar Marine Le Pen. Ach cé go raibh bua compordach ag Macron, ná déanaimis dearmad gur le faisisteach a thacaigh duine as gach triúr Francach a chaith vóta i dtoghchán an Domhnaigh, gur fhan duine as gach ceathrar a bhí i dteideal vóta a chaitheamh sa bhaile, agus gur scrios duine as gach deichniúr a chaith vóta an vóta sin, mar agóid.

Beidh ar Macron aghaidh a thabhairt ar an bhfearg, ar an míshástacht agus ar an neamhshuim choiteann sin.

Tá an dúshlán céanna roimh pholaiteoirí fud fad na hEorpa, ar ndóigh.

Níl ach dhá mhí ann ó lig an saol mór osna faoisimh nuair nár toghadh an t-ioslamafóibeach Geert Wilders ina phríomh-aire ar an Ísiltír, ach mar sin féin, thug os cionn cúig déag faoin gcéad de mhuintir na tíre sin vóta dó agus bhog nach mór gach uile pháirtí polaitíochta sa tír cúpla céim ar dheis in iarracht coinneáil suas leis.

Tamall de mhíonna roimhe sin, i dtoghchán uachtaránachta na hOstaire, fuair an t-iarrthóir glas Alexander Van der Bellen an lámh in uachtar ar iarrthóir na heite fíor-dheise, Norbert Hofer, ach ní raibh ach oiread na fríde eatarthu.

Is deacair a shamhlú nach le Angela Merkel a bheidh an lá in olltoghchán na Gearmáine a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair, ach is dóichí ná a mhalairt go gcaithfidh sciar suntasach den phobal vóta don pháirtí frith-inimirce Alternative für Deutschland.

Tá cúis cheiliúrtha ag muintir na hEorpa inniu. Ní hamháin toisc go bhfuarthas an lámh in uachtar ar an bhfaisisteachas cothrom is seachtó a dó bliain ó shin, ach toisc gur léir faoin am seo nach nglacfaidh móramh mhuintir na hEorpa le faisisteachas an 21ú haois.

Ach tá an móramh sin níos lú ná mar ba cheart dó a bheith.

Tá neart le déanamh ag Emmanuel Macron agus a mhacasamhla fud fad na hEorpa.

Fág freagra ar 'Neart le déanamh ag Emmanuel Macron agus a mhacasamhla'