Neamhthoil, neamhchead – sin éigniú. Soiléir, nach bhfuil, a George Hook?

An chaint seo uilig a d’aistreodh an fhreagracht ón gciontóir go dtí an t-íospartach, ón éigneoir go dtí an té a éigníodh, caithfear í a cháineadh os ard, í a chosc agus an té nach dtuigeann a chuid aineolais a athoiliúint

Neamhthoil, neamhchead – sin éigniú. Soiléir, nach bhfuil, a George Hook?

Nuair a bhí mise i mo ghasúr chloisinn scéalta faoi Wallace, stíobhard na mBlácach sa gceantar s’againne, agus an scéin a bhíodh ar mhná óga a dhul chuige lena gcuid páipéar a fháil le ghabháil go Meiriceá mar go raibh an scéala amuigh air go raibh crúbáil, ar a laghad, ag dul dó as aon litir oifigiúil a scríobhadh sé mar fheidhmeannach síochána.

Bhíodh na mná óga ag brath ar bhean phósta éigin nach raibh aon fhiacha cíosa ag Wallace uirthi dul ina dteannta lena gcosaint ar an éigniú sin. Is cosúil nach raibh mórán fear sách ‘fearúil’ le seasamh leo agus ar ndóigh cén dochar a rinne burláil bheag in aghaidh do thola ar aon nós?

Go háirithe agus cíos nach raibh glanta ar do mhuintir.

Agus comhrá ar an teaghlach oíche faoi bhean a ‘goideadh’ nó a fuadaíodh ar an mbaile, d’fhiafraigh mé de mo sheanmháthair cén fáth nár cuireadh an dlí ar an bhfear agus a mhuintir. ‘Óra, a dheabhais,’ a deir sí ‘nach i ngan fhios don dlí a bhí siad ag iarraidh pósadh!’

Mhínigh sí dom ansin go mba leis an mBlácach an chéad oíche ‘a bhaint’ as chuile bhrídeog nuaphósta ina dhúiche agus gur chleas a bhí sa bhfuadach leis an dleacht sin a choinneáil uaidh. Ní taobh le Cois Fharraige ná le hÉirinn a bhí an forlámhas sin.

Cailíní aimsire i dtithe móra agus beaga, sclábhaithe ar fud an domhain, oibrithe i ngach tionscal, inné agus inniu, a mbíonn a bpost agus a ndul chun cinn sa bpost sin ag brath ar chur suas le mí-úsáid ón té atá os a gcionn. Tá beag is fiú feicthe againn uilig á dhéanamh de chearta, de cholainn agus d’intinn mná.  Tá comhairle curtha againn ar dhaoine a d’fhulaing agus neart samplaí sna cúirteanna dlí.

Éigniú – aon ghníomh gnéis a dhéantar in aghaidh do thola. Go hiondúil bíonn bagairt, faitíos, an lámh láidir nó údarás i gceist agus gnéas neamhthoilteanach i gceist i gcásanna go leor. Uaireanta fágann éalang, neamh-mheabhair, tinneas, druga, codladh, mearbhall nó aois nach bhfuil an duine in ann toiliú.

Soiléir, nach bhfuil? Neamhthoil, neamhchead – sin éigniú. Tearmainn Magdalen – an gobán a cuireadh i mbéal mná a éigníodh sa mbaile, sa bpobal agus ina n-ionad oibre. Neamhshaoirse, neamhchead cainte, an chos á bualadh ar mhná agus ar éignithe.

Ach cuireann an riadaire George Hook i bhfocail an rud atá cloiste go minic ag mná sin na cruinne le fada an lá. Cén fáth nár choinnigh tú do ghabhal dúnta? Cén fáth a raibh tú ag obair leat féin thiar sa stór? Cén fáth ar shiúil tú abhaile i d’aonar? Cén fáth ar chaith tú an sciorta sin? Nárbh fhurasta aithne ort gurbh é a bhí uait? Nach bhfuil a fhios agat go gcaithfidh mná a bheith cúramach agus iad ag ól? Nár dhúirt mé cheana leat gan a bheith ag cur cathú ar fhir? Cén fáth ar fhág na mná sin an campa teifeach? Nach gann a theastaigh adhmad na tine uathu? Breá nár choinnigh siad a gcuid fuail go maidin? 

Is í caint George Hook agus a leithéidí droit de seigneur an lae inniu – mura mbíonn an bhean cúramach, mura mbíonn sí in ann í féin a chosaint ar fhir, is uirthi féin an locht agus an fhreagracht, a deirtear.

Smaoinímis ar an bhfocal comhriachtain – ag fáil sásamh as le chéile. Cén bhaint atá ag sásamh le foréigean ná faitíos? Ná seachnaímis an focal éigniú – in aghaidh do thola, le fórsa. Dírímis ar ghníomhartha an chiontóra, a sháraíonn cearta an duine chun a colainne agus a tola féin.

Fear mór bladair é Hook, ach ní fhágann sin nach bhfuil a chuid bladair contúirteach nuair atá lucht leanúna dílis aige agus údarás ag an mbladar céanna toisc a sheasamh i saol na craoltóireachta.

Ba chóir freagracht dá réir a leagan air.

An chaint seo uilig a d’aistreodh an fhreagracht ón gciontóir go dtí an t-íospartach, ón éigneoir go dtí an té a éigníodh, caithfear í a cháineadh os ard, í a chosc agus an té nach dtuigeann a chuid aineolais a athoiliúint.

Aon ghníomh gnéis nach ndéanann fear nó bean dá thoil nó dhá toil féin is éigniú, sárú cirt é agus scéal thairis aon tsiléig nó díth céille a bhí ar an íospartach mar níor sháraigh an t-íospartach cearta aon duine eile.

Sárú dlí, sárú saoirse – cuirtear an milleán san áit cheart, ar an duine ceart. 

Ná ligtear d’aon seigneur craoltóireachta ná d’aon seigneur eile an milleán a roinnt.