Neamhspleáigh ag tabhairt cúl le Kenny agus post an Taoisigh idir dhá cheann na meá

Tuigtear go bhfuil socruithe cinnte déanta cheana ag cuid de ‘Cúigear na Tuaithe’ nach mbeidh siad ag vótáil do Enda Kenny

endakenny

Is beag seans atá ann go dtabharfaidh Enda Kenny duine ar bith de ‘Cúigear na Tuaithe’ leis ach a gcaithfear an vóta cinniúnach do phost an Taoisigh, bíodh an vóta sin ann an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn. 

Tá lucht idirbheartaíochta Fhianna Fáil agus Fhine Gael ag casadh le chéile arís inniu féachaint an bhféadfaidís teacht ar shocrú maidir le bunú rialtais. 

Ceapadh ón tús gur mhó an fonn a bheadh ar an gcúigear Teachtaí Dála neamhspleách seo – an Dr. Michael Harty, Michael Collins, Noel Grealish, Denis Naughten agus Mattie McGrath – taobhú le Micheál Martin i socrú ar bith a dhéanfaí faoi bhunú Rialtas mionlaigh. 

Tuigtear go bhfuil socruithe cinnte déanta ag cuid de na Teachtaí Dála seo cheana féin nach mbeidh siad ag vótáil d’Enda Kenny.  Tuigtear gurb é Denis Naughten, a bhí tráth ina Theachta Dála d’Fhine Gael, an t-aon duine den chúigear a d’fhéadfadh a bheith níos fabhraí leis an bpáirtí sin.

Tuigtear áfach gur dóigh ná a mhalairt go ngabhfadh Naughten sa mbád céanna lena chomhghleacaithe tuaithe sa deireadh.

Taobh amuigh de chúlra tuaithe agus cúrsaí fealsúnachta polaitíochta, tá cúiseanna eile ag ‘Cúigear na Tuaithe’ le beith drogallach taobhú le Enda Kenny. Feictear dóibh nach socrú ciallmhar polaitiúil a bheadh ann agus Kenny caillteach san Olltoghchán agus tá imní orthu freisin go dtabharfadh Fianna Fáil agus dreamanna eile daite dóibh é as Enda Kenny a choinneáil i gcumhacht. B’fhearr leis an gcúigear a leithéid de dhrochphoiblíocht a sheachaint agus éiginnteacht ann i gcónaí faoin achar a mhairfeadh Rialtas mionlaigh.

Is í an cheist ina dhiaidh sin ná cén treo a rachaidh Comhghuaillíocht na Neamhspleách– atá faoi cheannas an Teachta Dála, Shane Ross – agus cá seasann muintir Healy-Rae ag an tráth seo.  Tá sé ráite, mar shampla, ag Michael Fitzmaurice, gur gaire atá a mhianta féin i dtaobh na tuaithe do pholasaí Éamoin Uí Chuív agus Fhianna Fáil ná do pholasaí Fhine Gael. 

Ceaptar freisin gur mó seans a bheadh ann go seasfadh Michael Healy -Rae agus Danny Healy-Rae le Fianna Fáil ná le Fine Gael.  Tá trí vóta dhéag san iomlán ag ‘Cúigear na Tuaithe’, Comhghuaillíocht na Neamhspleách agus muintir Healy-Rae.

Ach tá ceist bhunúsach á cur ag na neamhspleáigh seo uilig i gcónaí – sin an dtiocfaidh gealltanais as na cainteanna idir Fianna Fáil agus Fine Gael go mbeidh chaon pháirtí acu sin sásta tacú leis an taobh eile sa gcás agus go mbeadh a gceannaire féin caillteach sa vóta cinniúnach.   

Tá sé ráite ag Fine Gael cheana féin go mbeidís ag súil le tacaíocht – nó comhthuiscint –ó Fhianna Fáil sa gcás agus go bhfaigheadh Enda Kenny an ceann is fearr ar Mhicheál Martin.

Ní raibh Fine Gael féin sásta seachtain ó shin a mhalairt de ghealltanas a thabhairt sa gcás agus go bhfaigheadh Micheál Martin bua sa deireadh.  Ach níor choinnigh an tAire Frances Fitzgerald, agus í ag caint ar an gclár teilifíse The Week in Politics, ná an Teachta Dála Seán Kyne, agus é faoi agallamh ar Nuacht TG4, chomh láidir céanna leis an bport sin le cúpla lá anuas. 

Is cinnte go dtabharfadh fógra ó Fhine Gael go dtacóidís le Fianna Fáil níos mó saoirse do na neamhspleáigh cinneadh a ghlacadh i bhfabhar Mhicheál Martin. 

Thabharfadh na vótaí uilig atá ag ‘Cúigear na Tuaithe’, Comhghuaillíocht na Neamhspleách agus na deartháireacha Healy-Rae Micheál Ó Máirtín isteach – sin dá bhfanfadh an Lucht Oibre, an Páirtí Glas agus na Daonlathaigh Shóisialacha as an gcoimhlint.

Tá imní ar na neamhspleáigh fós go bhféadfadh athrú intinne a bheith ar an Lucht Oibre.

Tá beirt neamhspleách eile atá fanta ciúin go dtí seo a d’fhéadfadh a lorg féin a fhágáil ar na himeachtaí sa deireadh – Catherine Zappone agus Maureen O’Sullivan.

Meastar gur le Fine Gael is mó a bheadh luí ag Zappone ach d’fhéadfadh vóta Maureen O’Sullivan a bheith idir dhá cheann na meá, má chaitheann sí é.  Ceapann lucht Fhianna Fáil gur gaire a bheadh sí dóibhsean dá dtiocfadh an crú ar an tairne.

Fág freagra ar 'Neamhspleáigh ag tabhairt cúl le Kenny agus post an Taoisigh idir dhá cheann na meá'