Neamhaird tugtha ar fhoréigean an UDA rófhada

Eagraíocht thoirmiscthe í an UDA a bhfuil a fhios ag an saol faoina baint leis an gcoiriúlacht, ach ní léir go bhfuil cur chuige soiléir ag na húdaráis ina leith

Neamhaird tugtha ar fhoréigean an UDA rófhada

Dúnmharú paraimíleatach i mbaile gnóthach faoi sholas an lae. Shílfeá gur eachtra scanrúil í a bheadh faoi chaibidil i bhfad agus i ngearr. Ach ba bheag aird a tharraing marú George Gilmore i gCarraig Fhearghais ná an fíoch fola idir dhá fhaicsean den UDA ba chúis leis.

Ar ndóigh bhí aird daoine ar scéalta tromchúiseacha le seachtain anuas ach i bhfírinne is í an chúis nár chothaigh marú George Gilmore mórán díospóireachta ná nár chuir sé iontas ar dhuine ar bith. Bhí a fhios ag an bpobal faoin achrann idir buíon Gilmore a ruaigeadh as an UDA agus an grúpa in oirthear Aontroma a deir gurb iadsan an Fíor-UDA.

I mí Iúil anuraidh foilsíodh fístéip de scata daoine, suas le céad fear a raibh púicíní ar chuid acu, agus iad ag máirseáil chuig teach Gilmore ar an mbaile. Theastaigh ón lucht imeaglaithe an Fhíor-UDA Gilmore a ruaigeadh as an gceantar. Ó shin i leith rinneadh bagairtí báis ar na scórtha agus tharla eachtraí lámhaigh agus ionsaithe eile. Faoi Nollaig d’fhógair an PSNI gur chosain slándáil i dtaca leis an bhfíoch fola sa cheantar £1.6 milliún le leathbhliain. Ba mhinic póilíní, polaiteoirí agus an chléir ag tabhairt foláirimh go mbeadh marú dosheachanta mura gcuirfí deireadh leis an aindlí.

Dé Luain tharla an t-uafás a bhí á thuar. Ag a dó a chlog san iarnóin scaoil fear, nach raibh aon mhasc ná bréagriocht ar bith air, le Gilmore a bhí ina shuí ina charr. Goineadh sa mhuineál é agus cailleadh é san ospidéal. Tamall sular tharla an t-ionsaí bhí fógra curtha ag Gilmore ar Facebook ag rá nach raibh sé ar chumas an UDA aon duine a ruaigeadh: ‘The days of the UDA putting people out of Carrick are over’. Ach bhí bealach eile acu leis an lámh in uachtar a fháil.

Tá fiosrú dúnmharaithe idir lámha ag an PSNI agus roinnt daoine á gceistiú. Níorbh aon naomh é Gilmore agus is iomaí coir a luaitear leis, ach ní féidir le sochaí shibhialta cur suas leis an sórt iompair a chonacthas i gCarraig Fhearghais. Is geall le zón cogaidh é, a deir áitritheoirí atá cráite scanraithe ag an dá dhream. Ní hé seo an chéad fhíoch marfach idir dreamanna a bhain leis an UDA. Ba gheall le cogadh an t-achrann le faicsean Johnny ‘Mad Dog’ Adair i gceantar na Seanchille i mBéal Feirste i dtús an chéid; ruaigeadh eisean go Sasana ar deireadh agus tá sé in Albain anois. An uair ab fhuiltí a bhí an fíoch le Adair maraíodh ceannaire an UDA in oirthear Aontroma, John Gregg (an fear a ciontaíodh as ionsaí lámhaigh a dhéanamh ar Gerry Adams i 1984).

Anuraidh, nuair a maraíodh ‘iar-bhriogáidire’ eile,  John Boreland i mBéal Feirste, dúradh gur trioblóid idir iarchomrádaithe ba chúis leis.

Eagraíocht thoirmiscthe is ea an UDA, fearacht an IRA, an INLA, an UVF, an IRA Leanúnach agus araile. Luaitear coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid, striapachas agus cambheartaíocht chosanta leis an UDA go seasta. Mar sin féin, tá daoine aitheanta atá bainteach leis an eagraíocht gníomhach in eagraíochtaí pobail i gCarraig Fhearghais agus i mBéal Feirste, i measc áiteacha eile.

Ní hamháin sin, ach thug an feidhmeannas i Stormont, faoi cheannas an DUP agus Sinn Féin, deontais le haghaidh forbairt shóisialta d’eagraíocht in oirthear Bhéal Feirste a bhfuil ball den UDA, Dee Stitt, mar phríomhfheidhmeannach uirthi. Nuair a thug Dee Stitt agallamh don Guardian anuraidh ag rá gurb é féin agus a bhanna ceoil dílseach ‘homeland security’ thuaisceart an Dúin, cuireadh brú air éirí as eagraíocht forbartha ach dhiúltaigh sé. Chosain Arlene Foster agus Martin McGuinness an scéim infheistíochta sóisialta, SIF, ag rá gur thug sí deis do dhaoine athrú a dhéanamh. D’ainneoin a míchompord, ba léir nach raibh siad in ann Stitt a bhriseadh. Dúirt an PSNI go raibh daoine, a raibh cuid acu bainteach le coiriúlacht an UDA, gníomhach in eagraíochtaí sóisialta. Ach b’in é. Níor ceistíodh agus níor cúisíodh aon duine.

Ní léir go bhfuil cur chuige soiléir ag na húdaráis i leith an UDA. Gan dabht ba cheart iad a ghríosú chun athraithe agus cuidiú leo má chomhlíonann siad an dlí. Níl ciall ná réasún, áfach, le bheith dall ar choiriúlacht. Tús maith a bheadh ann an dlí a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gCarraig Fhearghais.

Fág freagra ar 'Neamhaird tugtha ar fhoréigean an UDA rófhada'