Neamhaird i Londain ar chás Thuaisceart Éireann ach aontachtaithe fós ag diúltú do phlé uile-Éireann…

Conas a ghabhfaidh Stormont i ngleic leis na ceisteanna a bhaineann le Brexit ? Tá sé in am éirí as an ngalamaisíocht agus díriú ar an obair…

Neamhaird i Londain ar chás Thuaisceart Éireann ach aontachtaithe fós ag diúltú do phlé uile-Éireann…

Ní bhfuaireamar freagra go fóill ar an litir faoi chosaint a thabhairt do Thuaisceart Éireann tar éis na Breatimeachta, a d’admhaigh an Chéad-Aire, Arlene Foster sa Tionól Dé Luain. Ag tagairt don litir a sheol sí féin agus an LeasChéad-Aire, Martin McGuinness chuig Theresa May ar an 10 Lúnasa a bhí sí.

Ceithre huaire fichead tar éis don Phríomh-Aire May a fhógairt go gcuirfí tús leis an bpróiseas imeachta roimh dheireadh mhí an Mhárta seo chugainn, níor chúis uchtaigh d’éinne, lucht imeachta nó fanachta, í an admháil sin.

Ba léir, má bhí paidrín ag an bPríomh-Aire nár tháinig sí ar an gcloch ar a raibh an achainí ó Stormont. Ní hamháin go raibh an litir gan freagairt tar éis ocht seachtaine ach bhí an Príomh-Aire May meáite de gurb é an rialtas s’aicise amháin a bheadh i mbun idirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach.

Ghéaraigh an admháil ó Foster ar an imní a bhí ar dhaoine ó d’fhógair May na coinníollacha a léirigh gur Breatimeacht chrua a bhí beartaithe. Smacht iomlán ar inimirce, gan aon chosúlacht leis na socruithe atá ag an Iorua agus an Eilvéis leis an AE agus droim láimhe á tabhairt le dlínse na Cúirte Eorpaí. Áirítear gur ionann sin agus a bheith lasmuigh den chómhargadh agus den chonradh custaim.

Cothaíonn sé sin an-chuid ceisteanna faoin teorainn in Éirinn agus is cosúil go ndéanann sé beag is fiú de na húdair bhuartha a bhí ag Foster agus McGuinness ina litir.

Conas a ghabhfaidh Stormont i ngleic leis sin? Is cinnte nach ar aon ghuth a dhéanfar é. Tá an scéal á iniúchadh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo. I gcás amháin tá Sinn Féin, an SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas ag éileamh rialú cúirte a chuirfeadh iachall ar Theresa May an Bhreatimeacht a chur faoi bhráid na Parlaiminte féachaint an bhfaigheadh sí vóta ina fabhar.

Sa chás eile, tá an feachtasóir Raymond McCord ag éileamh rialú gur sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta í an Bhreatimeacht.

Taobh istigh de Stormont tá an t-easaontas idir an dá pháirtí sa bhFeidhmeannas, DUP agus Sinn Féin follasach. Maíonn an DUP gurb é leas na Ríochta Aontaithe an Bhreatimeacht agus dá réir gurb é leas Thuaisceart Éireann é. A mhalairt ar fad, a deir Sinn Féin. Tá rialtas na Breataine ag dul in árach san AE beag beann ar an ‘damáiste comhthaobhach’ do Thuaisceart Éireann, dar le Martin McGuinness.

Tháinig McGuinness agus Foster ar chomhréiteach chun an litir éilimh a sheoladh go Londain i mí Lúnasa. Ba í ceist na teorann an chéad ábhar ar liosta na n-éileamh; theastaigh cinnteacht nach mbeadh an teorainn ina bac ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí.

Anuas air sin, theastaigh éascaíocht trádála le ballstáit an AE agus fáil ar oibrithe ón iasacht, daoine oilte agus neamhoilte. Bhí éilimh eile acu faoi chostas fuinnimh, cosaint don earnáil agraibhia agus cúiteamh as na cistí Eorpacha a chaillfear amach anseo. Chomh maith leis sin, theastaigh uathu a bheith páirteach san idirbheartaíocht faoin teorainn idir an Ríocht Aontaithe agus rialtas na hÉireann.

Cá bhfios cathain a gheobhaidh siad freagra. Mairg don té a bheadh ag fanacht. Is léir go bhfuil práinn leis an obair chun tathant ar May go gcaithfear níos mó airde a thabhairt ar chás Thuaisceart Éireann. Tá práinn chomh maith leis an obair thrasteorann. Níl ach sé mhí acu sula gcuirfear Airteagal 50 i bhfeidhm.

I bhfianaise neamhaird an Phríomh-Aire May ar éilimh Foster agus McGuinness, ba cheart dóibh go léir a bheith ag caint le héinne a bheadh ina chara sa chúirt.

Bhí an UUP i bhfabhar fanacht san AE, agus mar sin níl ciall ar bith go mbeadh siad ag diúltú do chainteanna trasteorann. Tá a fhios ag an saol an doicheall atá ag an DUP roimh phlé uile-Éireann.

Deir siad gur leor an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus gurb é sin an fáth nach mbeidh siad ag freastal ar chainteanna an Taoisigh.

Ní hionann an dá rud in aon chor. Ní féidir le héinne ach Airí freastal ar CATT. Céard faoi na páirtithe leasmhara eile, polaiteoirí, feirmeoirí, lucht tionscail, cumainn chearta daonna? Dá mhéad agus dá uileghabhálaí iad na dreamanna a fhaigheann éisteacht ’sea is fearr é. Tá siad riachtanach chun tabhairt faoi na dúshláin.

Tá sé in am éirí as an ngalamaisíocht agus díriú ar an obair.

Fág freagra ar 'Neamhaird i Londain ar chás Thuaisceart Éireann ach aontachtaithe fós ag diúltú do phlé uile-Éireann…'

  • Eoin Ó Murchú

    Pointí speisiúla, ach sé dualgas Rialtas na hÉireann thar aonb dream eile a rá leis an AE nach nglacfaidh na Sé Chontaetha Fichead le socrú ar bith (nó easpa socrú) a chuirfeadh isteach ar shaor-ghluaiseacht daoine nó saor-thrádáil ar oileán na hÉireann. Ag deire thiar, mar adúirt Jeffrey Donaldson is é Aontas na hEorpa a chaithfidh muid a mhealladh le cur i gcoinne teorainn chrua ar an oileán.