‘Neamhaird den fhianaise’ ó dheas á déanamh sa díospóireacht faoi Acht Gaeilge ó thuaidh

Deir ceannaire an UPP gur ‘teip chostasach’ a bhí in athbheochan na Gaeilge ó dheas agus go bhfuil ‘muintir na Poblachta ag glacadh le saol an 21ú haois’ anois

‘Neamhaird den fhianaise’ ó dheas á déanamh sa díospóireacht faoi Acht Gaeilge ó thuaidh

Tá sé curtha i leith Shinn Féin ag ceannaire an UUP Robin Swann go bhfuil an páirtí poblachtánach ag déanamh “neamhaird den fhianaise” maidir le ‘teip’ athbheochan na Gaeilge ó dheas.

Níl in éileamh Shinn Féin ar Acht Gaeilge ach ‘dallamullóg’ i “gcogadh cultúir” agus tá an teanga á húsáid acu mar arm ann, dar le Swann.

Idir an dá linn tá ráite ag Stephen Farry, polaiteoir sinsearach san Alliance Party gur “riachtanas polaitíochta” é an tAcht Gaeilge atá á éileamh ag cainteoirí Gaeilge agus a lucht tacaíochta.

I gcolún a foilsíodh ar an nuachtán an News Letter inné, mhaígh Robin Swann, a toghadh ina cheannaire ar an UUP níos luaithe i mbliana, go bhfuil polaitiú déanta ag Sinn Féin ar an nGaeilge ó thuaidh agus nach bhfuil aon ghá leis na moltaí atá déanta ag grúpaí éagsúla d’Acht Gaeilge – Coimisinéir Teanga, comharthaíocht dhátheangach agus cuóta do chainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís ina measc.

“Shílfeá óna bhfuil ráite acu le deireanas go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh sochaí dhátheangach a chruthú i dTuaisceart Éireann. Shílfeá go bhfuil iarracht ar bun ‘athbheochan na Gaeilge’, mar a tharla ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois, a athchruthú, mar a bhí i gceist ag De Valera, agus más amhlaidh an scéal caithfidh muid machnamh a dhéanamh faoi,” a scríobh Swann.

Dúirt sé go bhfuil ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, ag déanamh “neamhaird den fhianaise” gur chaith Poblacht na hÉireann “na milliúin” d’airgead na gcáiníocóirí ar athbheochan na Gaeilge agus gur caitheadh “na milliúin uair an chloig” ag múineadh na teanga i scoileanna na Poblachta ach nach raibh aon toradh fónta ar na hiarrachtaí sin.

“Is é an Béarla teanga dhúchais na Poblachta. Is teip chostasach a bhí san athbheochan sa Phoblacht agus níl aon fhonn orainn aithris a dhéanamh uirthi i dTuaisceart Éireann.

“Is í an fhírinne go bhfuil úsáid na Gaeilge ag meath, fiú sna ceantair Ghaeltachta. Ní thuigfí aon iarracht ar ghnó a dhéanamh i mBaile Átha Cliath trí mheán na Gaeilge. De réir a chéile, táthar ag éirí as a bheith á lorg mar cháilíocht don Státseirbhís, agus muintir na Poblachta ag glacadh le saol an 21ú haois,” a dúirt Swann.

Tá ráite ag Michelle O’Neill roimhe seo gur mhaith léi go mbeadh an reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach ó thuaidh ar comhchéim leis an reachtaíocht teanga atá i bhfeidhm ó dheas cheana féin.

Dúirt Stephen Farry ó Alliance gurb é an “rud ceart” le déanamh anois ná reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin a thabhairt isteach ó thuaidh toisc gur “riachtanas polaitíochta” an méid sin.

Dúirt sé go gcaithfeadh an reachtaíocht Ghaeilge a bheith “cuí agus réalaíoch” agus nár cheart é a “bhrú tríd an Tionól” ach go gcaithfí é a chur tríd mar bhille feidhmeannais seachas mar bhille na mball tofa.

 

Fág freagra ar '‘Neamhaird den fhianaise’ ó dheas á déanamh sa díospóireacht faoi Acht Gaeilge ó thuaidh'

  • Aililiú!

    Nach breá go bhfuil duine éigin ag insint/feiceáil na fírinne faoin fheall a rinneadh ar phobal na Gaeilge/Gaeltachta sa stát ó dheas! Na ráitis naimhdeacha seo ó chuid de na hAontachtaithe (a bhfuil smut maith den fhírinne iontu, admhaímis!), b’fhéidir go spreagfadh siad díospóireacht ba chóir a bheith againn fada ó shin faoi mhí-éifeacht* damanta Acht na dTeangacha ó dheas, agus faoin réimeas teanga ó dheas, idir bhunreachtúil agus phraiticiúil.

    An ó thuaidh amháin atá na Briotanaigh-Aontachtaithe?! Tá daoine ann ó dheas atá chomh naimhdeach céanna le cuid acu sin ó thuaidh, ach nach leomhann a ndearcadh a nochtú go hoscailte.

    * Nó an ea go bhfuil sé éifeachtach, dáiríre i.e. ó pheirspictíocht an Stáit: ‘Státchóras Béarla do stát Béarla! Agus breast an teanga náisiúnta!’