‘Neamhaird’ ar ‘shaineolas’ i bhforbairt an Chaighdeáin Oifigiúil – líomhaintí eile faoi Rannóg an Aistriúcháin

Líomhnaítear gur beag ag baill foirne áirithe i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais 'saineolas' agus 'taithí' baill foirne eile

‘Neamhaird’ ar ‘shaineolas’ i bhforbairt an Chaighdeáin Oifigiúil – líomhaintí eile faoi Rannóg an Aistriúcháin

Líomhnaítear i gcáipéisí a eisíodh faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gur beag ag baill foirne áirithe i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais “saineolas” agus “taithí” baill foirne eile.

I ríomhphost gearáin a chuir ball foirne amháin de chuid na rannóige chuig Cléireach na Dála anuraidh, maíodh nár tugadh bheith istigh do bhaill foirne a raibh “taithí na mblianta” acu agus an Caighdeán Oifigiúil 2016 á ullmhú.

Maítear sa chomhfhreagras céanna, atá feicthe ag Tuairisc.ie, go raibh baill foirne “á mbrú ar leataobh” agus “beag is fiú” á dhéanamh díobh athuair i gcás Treoir Stíle nua a bhí á hullmhú don Rannóg.

Maítear gurbh “údar imní ar leith” an méid sin i bhfianaise “líon na mbotún agus na n-easnamh” a líomhnaítear sa ríomhphost a bheith san aistriúchán ar an reachtaíocht “le blianta beaga anuas”. Líomhnaítear go raibh “a veil of secrecy” anuas ar fhorbairt na Treorach Stíle.

“Those staff members whose long years of experience and expertise could make a valuable contribution to rectifying this problem are apparently to be confined to the sidelines; their experience and expertise unwanted and unappreciated,” a deirtear sa ríomhphost a seoladh chuig Cléireach na Dála, Peter Finnegan, i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.

Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil 2016, a d’fhoilsigh Tithe an Oireachtais anuraidh agus a bhfuil Rannóg an Aistriúcháin freagrach as, líomhnaítear sa chomhfhreagras nach bhfuil “aon bhunús sa teanga scríofa ná labhartha” le codanna áirithe den treoir scríofa sin.

Luaitear go sonrach na treoracha sa Chaighdeán Oifigiúil a bhaineann le giorrúcháin agus le hacrainmneacha ar theidil eagraíochtaí srl.

Tuairiscíodh ar an Irish Times inné go bhfuil iarrtha ag lucht ceardchumainn ar Thithe an Oireachtais go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách chun déileáil le líomhaintí maidir le bulaíocht, ciapadh, stácáil, botúin aistriúcháin agus ceilt eolais i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais.

Fág freagra ar '‘Neamhaird’ ar ‘shaineolas’ i bhforbairt an Chaighdeáin Oifigiúil – líomhaintí eile faoi Rannóg an Aistriúcháin'

  • Harriet P.

    Caighdeán lofa a bhí sa Chaighdeán is déanaí. Ní chuireann sé aon iontas orm gur léirigh na daoine a chum é an neamhaird céanna ar bhaill foirne Rannóg an Aistriúcháin agus a léiríodar ar ghnáth-chainteoir na teanga.