Nasc idir Gaoth Dobhair agus Celtic FC á cheiliúradh an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh lucht tacaíochta na gCeilteach faoin Earagail mar chuid de na himeachtaí bailithe airgid do charthanachtaí

Nasc idir Gaoth Dobhair agus Celtic FC á cheiliúradh an deireadh seachtaine seo

Déanfar ceiliúradh speisialta i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo ar an nasc atá idir Dún na nGall agus cumann sacair Celtic FC i nGlaschú.

Tá slua de lucht tacaíochta na gCeilteach as Éirinn agus as Albain ag filleadh ar Ghaeltacht Thír Chonaill chun an tAragal a dhreapadh go barr mar chuid de ‘Huddle Up Errigal’, féile speisialta atá eagraithe acu don deireadh seachtaine.

Chomh maith leis an nasc idir an cumann agus an ceantar áitiúil a cheiliúradh, tá an lucht eagraithe ag iarraidh airgead a bhailiú do thrí charthanacht, Oispís Dhún na nGall, Aonad Uathachais Scoil Chonaill an Bhuna Bhig agus an Celtic Foundation.

Cuirfear tús leis na himeachtaí anocht nuair a bheidh an tAire Joe McHugh agus an Teachta Dála Pearse Doherty i láthair ag an seoladh in óstán Teach Jack ag 20:00. Amárach tabharfar faoi shliabh an Aragail.

Cruinneoidh gach duine a bheidh ag dul ag siúl le chéile sa charrchlós ag bun an tsléibhe ag 12:00. Nuair a shroichfear mullach an tsléibhe, glacfaidh gach duine páirt i mol na gCeilteach, mar a dhéanann na himreoirí roimh chluichí.

Ar an Domhnach, reáchtálfar comórtas sacair, seachtar an taobh, ar pháirc Ghaoth Dobhair Aontaithe. An tráthnóna sin, beidh Charlie Gallagher, a d’imir do Celtic ar feadh deich mbliana, John Fallon, a bhuaigh Craobh na hEorpa leo i 1967, agus an t-iriseoir Phil Mac Giolla Bháin Teach Jack chun stair agus todhchaí an chumainn a phlé.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí uile ar shuíomh ‘Huddle Up Errigal’ anseo.

Fág freagra ar 'Nasc idir Gaoth Dobhair agus Celtic FC á cheiliúradh an deireadh seachtaine seo'