‘Nasc díreach’ idir vóta in aghaidh Bhrat na Ríochta Aontaithe agus vóta ar son Oifigeach Gaeilge— Allister

Dar le Jim Allister, ceannaire an TUV, gurb ionann an vóta ar son Oifigeach Gaeilge i mBéal Feirste agus vóta in aghaidh Bhrat an Aontais

‘Nasc díreach’ idir vóta in aghaidh Bhrat na Ríochta Aontaithe agus vóta ar son Oifigeach Gaeilge— Allister

Dar le Jim Allister, ceannaire an TUV, gurb ionann an vóta ar son Oifigeach Gaeilge i mBéal Feirste agus vóta in aghaidh Bhrat an Aontais

Tá nasc déanta ag ceannaire an TUV, Jim Allister, idir an vóta ar son Oifigeach Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo agus an vóta sa chomhairle chéanna cúig bliana ó shin ar son fáil réidh le Brat an Aontais ó Halla na Cathrach.

Dúirt Allister go bhfuil “nasc díreach” idir cinneadh na seachtaine seo agus cinneadh na bliana 2012 agus gur cuid an dá chinneadh den “chlár oibre Poblachtach” an fhéiniúlacht Bhriotanach a dhíbirt as Tuaisceart Éireann.

“Níl anseo ach an léiriú is deireanaí ar pholasaí ionsaitheach Shinn Féin an Ghaeilge a bhrú chun tosaigh agus ar ghéilleadh Alliance don obair chéanna. Dá dhonacht an £39,000 sa bhliain a bheidh i gceist [an t-uasmhéid a d’íocfaí leis an Oifigeach Gaeilge], ní dada é i gcomparáid le costas an Achta Gaeilge atá á bhrú ar Thuaisceart Éireann,” a dúirt sé.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo le rún a d’fhágfadh go gceapfaí Oifigeach Gaeilge sa chomhairle a bheadh freagrach as seirbhísí Gaeilge ag chur ar fáil don phobal agus cúnamh a thabhairt maidir le cáipéisí áirithe a aistriú go Gaeilge. D’oibreodh an t-oifigeach i gcomhar le grúpaí agus le heagraíochtaí Gaeilge sa chathair chun an teanga a chur chun cinn i measc an phobail freisin.

Bhí círéibeacha sráide ann in 2012 nuair a vótáil formhór na gcomhairleoirí cathrach i mBéal Feirste deireadh a chur leis an gcleachtas Brat an Aontais a chur ar foluain os cionn Halla na Cathrach gach lá sa bhliain, agus cleachtas na Breataine gan í a chrochadh ach 18 lá sa bhliain. Bhraith sciar den phobal Aontachtach ó thuaidh gur ionsaí ar a bhféiniúlacht Bhriotanach a bhí sa vóta sin.

Ní hí seo an chéad uair a léirigh ceannaire an Pháirtí Thraidisiúnta Aontachtaigh imní faoi cheist na Gaeilge le seachtainí beaga anuas. Dúirt sé ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Arlene Foster agus baill eile den DUP “ag feacadh na glúine roimh lucht na Gaeilge” agus “díBhreatainiú Thuisceart Éireann” á bhrú ag Sinn Féin agus dreamanna cosúil leo.

“Diúltóidh an TUV scun scan do chur i bhfeidhm Acht Teanga de chineál ar bith. Cheana féin, tá maoiniú speisialta á chaitheamh go fial flaithiúil ar an nGaeilge, tá foras teanga Thuaidh/Theas ann, agus tá earnáil Ghaelscolaíochta ann a dtugtar fabhar di.

“Tá Sinn Féin agus dreamanna cosúil leo, nach féidir a shásamh, ag éileamh níos mó fós: stádas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, Gaeilge sna cúirteanna, ar na comharthaí bóthair agus ar cháipéisí uile an rialtais; tabharfar tús áite do chainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí agus is iad na daoine gan Ghaeilge a bheidh thíos leis.

“Anuas air sin, beidh costas mór millteach ó thaobh airgead poiblí de i gceist leis an gclár díBhreatainithe seo a mhaoiniú,” a mhaígh Allister, ar iarbhall den DUP é.

Fág freagra ar '‘Nasc díreach’ idir vóta in aghaidh Bhrat na Ríochta Aontaithe agus vóta ar son Oifigeach Gaeilge— Allister'