Nár dheas dá mbainfeadh An Íoslainn na Caid Wars faoi mar a dhein sna Cod Wars?

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An ‘coup de Grieze’, Troid na dTrosc agus cúrsaí réiteoireachta atá á phlé ag an Saighdiúir an tseachtain seo...

iceland-fans

Caid Wars

Seans, más duine óg thú, nach mbeidh cuimhne agat ar na Cod Wars idir an Íoslainn agus an Ríocht (not so) Aontaithe i lár na 1970í. Iaróg faoi chearta iascaireachta a bhí ann idir an dá thír. Is cuimhin liomsa bheith ag éisteacht le tuairiscí ar an BBC agus longa móra de chuid an Chabhlaigh Ríoga in iomaíocht le báid bheaga phatróil na hÍoslainne. (Ní raibh againn ach an BBC i mBéal Feirste an t-am sin.) Ní raibh iomrá ar an Idirlíon agus is ar éigean go raibh satailít ar fáil le pictiúir a chraoladh ó láthair an chatha.

Mar sin féin, bíodh is go bhfuil na blianta móra fada imithe, is maith is cuimhin liom go fóill tuairisceoir amháin de chuid na Breataine ag caint ar eachtra, frigéad de chuid an RN leiceann le leiceann le bád patróil de chuid na hÍoslainne ar thonnta feargacha na farraige, an tÍoslannach ag tabhairt na gualainne do bhád na Banríona mar a dhéanadh Darragh Ó Sé le cibé cén créatúr bocht a tháinig ina bhealach lá Sam.

Ba é an t-iontas ba mhó a bhí ar iriseoirí na Breataine an t-am sin nach raibh eagla ná eagla ar na hÍoslannaigh roimh an Royal Navy. Nár thuig siad gurbh iad seo an dream a chuir deireadh leis an Armada, a bhuaigh ag Trafalgar, a chuir an Bismarck go tóin na farraige? Ba léir gur chuma leis na hÍoslannaigh. Bhí a gcuid tailte iascaireachta le cosaint agus chosain siad go cróga iad.

Beidh an meon sin de dhíth ar pheileadóirí na hÍoslainne anocht. Is fíor nár cheart go mbainfeadh an Íoslainn in éadan Shasana – nó bhain Sasana corn an domhain agus is ionann daonra na hÍoslainne agus daonra Bhéal Feirste. Mar sin féin, ní bheidh ar pháirc an chatha ach 11 duine ar fad ar fad. Coimhlint foirne, go cinnte, ach coimhlint aonair fosta agus ní bheidh beaguchtach ar na hÍoslannaigh dúshlán ‘frigéid’ Shasana a thabhairt.

Bhí comórtas measartha ag Sasana go dtí seo ach níl siad gan locht. Tá laigí sa chosaint, mar a chonacthas in éadan na Rúise, agus níl siad ag aimsiú na gcúl go furasta ach an oiread, mar a léiríodh i gcoinne na Slóvaice.

Mar sin féin, níor cheart go mbainfeadh na hÍoslannaigh.

Ach cé a bhain Troid na dTrosc? An Íoslainn, mar a tharla! Nár dheas dá mbainfeadh siad na Caid Wars fosta?

Aiséirí Arrggh Mhacha

Bhuel, beidh an tríú seans ag Ard Mhacha sa chraobh i mbliana. Chuir muintir Chontae Laoise fear ionaid sa bhreis chun páirce agus sháraigh siad na rialacha. Tá athimirt le bheith ann agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil cad é a thiocfas as. Idir an dá linn, chaill iománaithe Aontroma athchluiche ceannais Chorn Christy Ring in éadan na Mí i ndiaidh gur imríodh an cluiche sin arís de bharr cúilín nár chúilín agus beidh cuimhne ag léitheoirí Lú ar iaróg bheag a scrios a seansanna craobh cúige a thógáil de bharr…

Sea, tá na botúin ag méadú de réir a chéile. Nach bhfuil an t-am againn níos mó cuidithe a thabhairt don réiteoir? B’fhiú go mór cúram an chloig a bhaint díobh agus gnás pheil na mban a leanstan. Thabharfadh an méid sin féin faoiseamh inteacht dóibh.

Bua an phinn

Fágaim arís an tseachtain seo an focal scoir faoi fho-eagarthóir spóirt gan ainm san Irish News. Beidh cuimhne agat gur bhain an Phoblacht in éadan na hIodáile? Ceannlíne an Irish News? ‘The Italian Rob’. Is fíor, à la Michael Caine, gur shéid na hÉireannaigh na doirse de veain na nIodálach. Faraor, chloígh an Fhrainc inné muid. Bhí foighid an tsnípéara ag Antoine Griezmann agus d’aimsigh sé dhá chúl iontacha. Agus ceannnlíne an Irish News? ‘The coup de Grieze’.

Foirfe agus filiúnta!