Nár bhreá le Christian Grey a bheith i gCúirt an Mheán Oíche?

Ach maidir le Fifty Shades of Grey, ach más spéis leat fuipeanna téigh ag marcaíocht capall

1406210597_50-shades-zoom

Stiúrthóir: Sam Taylor-Johnson
Cliar: Dakota Johnson, Jamie Dornan, Jennifer Ehle, Eloise Mumford, Marcia Gay Harden.

“Óch! Cár mhór di bualadh bríomhar

Ar nós an diabhail de uair gach oíche…” (Cúirt an Mheán Oíche)

Glais lámh, céaslaí, stopallán tóna, púicíní, cuibhriú, ceannasacht, fuipeanna de gach saghas agus go leor giúirléidí agus ciútraimintí eile nár ceapadh focal.ie/focloir.ie lena leaganacha Gaeilge a sholáthar.

Deirimse bualadh craicinn agus bualadh leathair leat – ní foláir gurbh iad lucht na Gaeilge na sásmhasacacha bunaidh. Nár bhreá le Christian Grey a bheith i gCúirt an Mheán Oíche?

Cúpla mí siar, bhí Seosamh Ó Cuaig ag scríobh ar an suíomh seo faoin tslí go bhféadfaí an phornagrafaíocht a úsáid le daoine a chur ag léamh na Gaeilge. Bhuel, le Maitiú Ó Coimín, nó Майтиу О’Коймин mar is fearr aithne air sa Rúis, ag scríobh faoi phornagrafaíocht ar líne, Antain Mac Lochlainn ag trácht ar scannáin leathair ar maidin agus an léirmheastóir seo ag baint deataigh as an méarchlár ag iarraidh an leagan Gaeilge de sex dungeon a aimsiú (doinsiún gnéis/pluais leathair?), tá ár gcion féin déanta againn ag an bpointe seo.

Tá 100 milliún cóip de Fifty Shades of Grey díolta ar fud an domhain agus nuair a seoladh an scannán ar dheireadh seachtaine an Uachtaráin i Meiriceá, sáraíodh go leor curiarrachtaí, gaisce faoi leith do scannán a bhfuil rátú 18 ag dul leis.

Tá an ‘mammy porn’ faoi mar atá baiste air go seanbhlastúil, anois mar chuid den chultúr coiteann agus tá dhá scannán eile fós le teacht.

Billiúnaí óg, dathúil é Christian Grey (Dornan) a bhfuil ‘sainchaitheamh aimsire’ faoi leith aige, is é sin úsáid a bhaint as na ciútraimintí luaite thuas ina phluais.

I dtosach an scannáin feicimid an bhean óg, shaonta, dhathúil Anastasia Steele (Johnson) ag siúl an doras isteach chuige len é a chur fé agallamh.

Tá an bheirt acu tógtha lena chéile óna gcéad luí súl agus is de réir a chéile a thuigeann sí nach é an Xbox atá ina sheomra spraoi.

Is iad na radharcanna gnéis máithreacha an scannáin do mhórán agus níl an oiread acu ann is a mheasas ach tá táid follasach go maith, mar is dual do scannán a bhfuil rátú 18 aige. Ní hionann cíoch is fuip agus a bheith éarótach, áfach, agus hí hionann tíriúlacht agus graostacht. Tá coiscéim bhacaí sna radharcanna seo mar ní eascraíonn siad as comhthéacs nó cúlra gur féidir leis an lucht féachana bá a bheith acu leis.

Taobh amuigh de sin, is iarracht atá anseo, ach an oiread le go leor saothair fhánacha eile, táirge rómánsúil a sholáthar. Go deimhin, tá roinnt grinn le sonrú chomh maith cé gurbh é an gáire fonóide a bhí le clos go minic. Tá na haisteoirí bochta ag treabhadh leo ar éigean trí dhuibheagán na hainnise.

Is carachtar mealltach, tarraingteach, bagrach é Grey agus cuirtear in a luí orainn go bhfuil uisce faoi thalamh ann, rud a dhéanfar a fhorbairt amach anseo, is dócha. Tugtar le fios gurb é déine a óige ba chúis lena nádúr claon. Ciúta scéil ciotach go maith é seo. Mura mbeadh an fear seo chomh dathúil agus saibhir, ní rachadh aon bhean i ngiorracht scread asail dó ná a sheomra spraoi.

D’fhág sin go raibh dinglis an mhíchompoird ag rith tríom go minic agus dar liom go ndein radharc amháin beagán d’fhoréigean ban.

Ar thit sé idir dhá stól ar shlí? Níor thit mar nach raibh an dá stól féin acu le titim eatarthu. Más spéis leat fuipeanna, téigh ag marcaíocht capall.

Fág freagra ar 'Nár bhreá le Christian Grey a bheith i gCúirt an Mheán Oíche?'