Naonúr ar a laghad maraithe ag leoraí a tiomáineadh isteach i slua ar mhargadh Nollag i mBeirlín

Tá amhras ann gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí i gceist ar chuma na heachtra a tharla ar Promenade des Anglais i Nice na Fraince anuraidh. Deir póilíní Bheirlín nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil aon chontúirt ionsaithe eile ann

Naonúr ar a laghad maraithe ag leoraí a tiomáineadh isteach i slua ar mhargadh Nollag i mBeirlín

Tá ar a laghad naonúr maraithe, agus go leor eile gortaithe, in eachtra inar tiomáineadh leoraí ar ardluas isteach i slua a bhí ag freastal ar mhargadh Nollag i mBeirlín na Gearmáine tráthnóna.

Dúirt póilíní Bheirlín nach raibh aon fhianaise acu go raibh aon chontúirt ionsaithe eile ann.

Tá duine amháin á choinneáil ag na póilíní agus amhras ann gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí i gceist ar chuma na heachtra a tharla ar Promenade des Anglais i Nice na Fraince anuraidh nuair a thiomáin fear trucail isteach i slua mór a bhí bailithe ar aghaidh na farraige Lá Bastille.

I measc na marbh tá paisinéir a bhí sa leoraí ag an am.

Ní fios go fóill arbh é an té a ghabh na póilíní a thiomáin an leoraí isteach sa slua a bhí ag freastal ar an margadh ag Briedscheidplatz atá gar don Kurferstendamm, príomhshráid siopadóireachta iarthar na cathrach.

Tuairiscítear go raibh an leoraí cláraithe i nGdansk na Polainne ag comhlacht seachadta Polannach. Tuairiscítear gur fhág tiománaí an leoraí an Pholainn inniu ach nár chualathas uaidh ó 4pm tráthnóna. Tá amhras ann gur amhlaidh gur fuadaíodh an leoraí.

Thug Méara Bheirlín cuairt ar an láthair i ndiaidh na heachtra agus chuir sé féin agus an t-aire intíre an Seansailéir Angela Merkel ar an eolas faoin scéal.

Fág freagra ar 'Naonúr ar a laghad maraithe ag leoraí a tiomáineadh isteach i slua ar mhargadh Nollag i mBeirlín'