Náisiúin an spóirt – ‘Black Power’, na Bascaigh agus na Catalónaigh

Is saol an spóirt, ní hionann i gcónaí bratach na tíre agus an t-aontas

Náisiúin an spóirt – ‘Black Power’, na Bascaigh agus na Catalónaigh

Rud amháin a bhíonn ar chumas aon spórt a dhéanamh de ghnáth is ea pobal náisiúin a thabhairt le chéile. Beag beann ar chruth na liathróide nó ar fhad an rása, nuair a tharraingíonn lúthchleasaí geansaí nó veist a thíre ar a g(h)uaillí, i mórán chuile chás bíonn tacaíocht a chomhshaoránach aige nó aici.

Scéal eile a bhíonn ann lá ar bith eile den tseachtain agus iad ag coimhlint ar son a gcumainn nó a gclub mar gur ag lucht a leanta féin amháin a bheadh gean orthu. Ach sa gcoimhlint idirnáisiúnta is ionann bratach na tíre agus an t-aontas.

Féach mar sin féin nach amhlaidh an scéal i gcónaí. Féach freisin sna cásanna sin gur le cúrsaí ciníochais, polaitíochta, creidimh nó náisiúnachais a bhaineann an deighilt formhór an ama.

Ar scáileán teilifíse gránach dubh agus bán i samhradh na bliana 1968 agus mé i mo dhéagóir ag obair i dtábhairne ar shráidbhaile an Spidéil, is cuimhin liom Tommie Smith agus John Carlos ag crochadh a gcuid dorn dúnta (ar a raibh miotóga dubha) san aer agus iad tar éis glacadh leis na boinn a bhí buaite acu ag na Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo.

‘Cumhacht don Chine Dubh’ an t-ainm a tugadh go forleathan ar an mana a bhíodar a léiriú agus iad ag tarraingt aird ar an leatrom agus ar an gciníochas a bhí á fhulaingt ag a leathbhádóirí sa mbaile sna Stáit Aontaithe mar a raibh go leor acu beo bocht agus a gcearta mar shaoránaigh á gceilt orthu.

Rud a ndéantar dearmad go minic air is ea go raibh suaitheantais ag léiriú tacaíochta dóibh á chaitheamh freisin ag an tríú duine a bhí ar an ardán – lúthchleasaí den chine geal as an Astráil darbh ainm Peter Norman, a fuair an bonn airgid sa rás 200m.

Faoi láthair is imreoirí peile atá sáite san aighneas den chineál céanna atá ar siúl sna Stáit Aontaithe agus iadsan ag dul ar leathghlúin nuair a bhíonn an t-amhrán náisiúnta á sheinm ag agóidíocht ar na cúiseanna céanna nach mór agus a bhí Smith agus Carlos. Tá tacaíocht á léiriú dóibh óna gcine féin i spórtanna eile anois agus ó imreoirí den chine geal.

Tá dúshlán an Uachtaráin á thabhairt go hoscailte acu agus an chluas bhodhar á tabhairt ag a bhfostóirí do Trump – dream a mbeadh a mbunáite báúil leis ó nádúr. Níor cheap mé go dtarlódh a leithéid riamh sa tír is mó ar domhan ina bhfaca mé bratacha crochta taobh amuigh de thithe i bpobal gur minic leo a bheith rómhórálach as an gcumhacht agus as a neart a mheasann siad a bheith acu.

Díol suime a dtarlóidh nuair a thiocfaidh an Super Bowl.

Tá míshocracht na Catalóine tar éis é féin a nochtadh ar pháirceanna na himeartha freisin. Chaith cuid de lucht leanta na Spáinne go tarcaisneach le Gerard Piqué agus an fhoireann ag ullmhú do chluiche in aghaidh na hAlbáine ag tús na míosa seo agus ansin ag an gcluiche féin, an 92ú ceann a d’imir an cosantóir don Spáinn. Bhí bratacha ag cuid acu ag iarraidh go dtabharfadh an bhainistíocht bata agus bóthar dó.

Catalónach é Piqué, a vótáil agus a labhair ar son neamhspleáchas dá cheantar dúchais.

Rud nach raibh a fhios agam gur thosaigh an agóidíocht seo is ea go bhfuil foireann sacair dá cuid féin ag dúiche sin na Catalóine a théann chun páirce anois agus arís, mar atá go deimhin ag ceantar na mBascach.

Níl aitheantas ag ceachtar acu ó UEFA ná ó FIFA ach tá siad ag imirt cluichí in aghaidh foirne idirnáisiúnta as tíortha i gcéin le hos cionn 100 bliain – ní hamháin gur imir na Bascaigh in aghaidh na hÉireann i 1979 ach bhuaigh siad orthu 4-1.

Cluiche tábhachtach i stair na mBascach ab ea an ceann sin mar nach raibh aon chead imeartha acu le 40 bliain roimhe sin.

Rinne Franco a chion ar ndóigh agus é ag iarraidh scrios a dhéanamh ar an dá phobal sin, ar a dteangacha agus ar a gcultúr. Ainneoin a dhíchill agus a chuid brúidiúlachta, is amhlaidh a threisigh sé iad agus tá cuid den teacht aniar atá iontu chomh follasach anois ar pháirceanna na himeartha agus atá sé ar na sráideanna nó i dTeach na Parlaiminte.

Cé go gceadaíonn na húdaráis sacair sa Spáinn d’fhoirne na mBascach agus na Catalóine a dhul chun páirce, coinníonn siad srian géar ar an líon cluichí a cheadaítear dóibh a imirt – ceann in aghaidh an tséasúir ar meán.

Is iad na Catalónaigh is mó a bhfuil na tíortha is fearr imeartha acu agus le n-áireamh orthu sin le scór bliain tá an Bhrasaíl (faoi dhó), An Airgintín (faoi thrí), An Cholóim, an tSile, an Nigéir agus fiú, an tSín.

D’imir Piqué i naoi gcinn de na cluichí sin, Cesc Fabergas i dtrí cinn, Xavi in dhá cheann déag agus Pep Guardiola i seacht gcinn acu.

Is minic a tharla sé chomh maith gur roghnaíodh peileadóirí nár Chatalónaigh iad ach a bhí ag imirt do Barcelona ar fhoireann an cheantair, ina measc Johan Cruyff. Ní hamháin gur imir sé, ach bhí sé ina bhainisteoir orthu ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh siad ar an Airgintín 2-0 sa mbliain 2009.

Ní baileach go bhfuil na himreoirí a d’imir do fhoireann Cheantar na mBascach chomh haitheanta céanna, ach más fíor a ndeirtear, ní roghnaíonn siadsan ach iad siúd atá dílis dá n-oidhreacht. 126 uair idir 1985 agus 1998 a d’imir Andoni Zubizaretta mar chúl báire don Spáinn. Is Bascach é ach le linn an ama sin níor roghnaíodh ar fhoireann an cheantair sin riamh é mar gur measadh gur loic sé sa tosaíocht a thug sé dá oidhreacht.

Tá sé sa mbunreacht ag an bhfoireann club is cáiliúla sa gceantar – Athletico Bilbao gur ag Bascaigh amháin (nó a sliocht) a bhíonn cead imeartha leis an gclub. Is faoi úinéireacht na mball atá an club sin, mar atá fíor freisin faoi Barcelona, Real Madrid agus Osasuna.

Gur tháinig an bhliain 1989 bhí an riail chéanna ag an gcumann Bascach eile atá i La Liga – Real Sociedad. Suimiúil go leor, ba é John Aldridge an chéad ‘eachtrannach’ a d’imir leo siúd.