‘Náire’ ar Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir faoina cheangal le Fianna Fáil

Deir Ó Gallchóir gur ‘seafóid’ atá sna líomhaintí go bhfuil a cheangal le Fianna Fáil á cheilt aige ar bhileog eolais nua nach bhfuil aon tagairt dá pháirtí uirthi

30/04/2014. Fianna Fail launch European Election Manifesto. Fianna Fail MEP candidates Mary Fitzpatrick (Dublin) and Pat 'The Cope' Gallagher pictured today at the RHA in Dublin where they launched their European Elections Manifesto. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tá sé curtha i leith Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir go bhfuil a pháirtí ina údar náire aige agus gan Fianna Fáil luaite in aon chor i mbileog eolais dá chuid atá á scaipeadh i nDún na nGall le roinnt laethanta anuas.

Dúirt an Comhairleoir Contae neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig gur chuid den ‘cute hoor politics’ ón am atá caite a bhí ar bun ag Ó Gallchóir atá ag seasamh d’Fhianna Fáil san olltoghchán.

Dúirt Mac Giolla Easbuig nár chúis iontais dó go mbeadh Ó Gallchóir ag iarraidh a thabhairt le fios nach raibh baint aige le Fianna Fáil.

“Tá Pat ag iarraidh fad a chur idir é féin agus Fianna Fáil sa bhileog is déanaí uaidh. B’fhéidir agus saol sócúil caite ar feadh i bhfad sa Bhruiséil aige, go raibh sé beagáinín caillte nuair a lorg sé an t-ainmniúchán agus nár thuig sé chomh feargach is atá daoine go fóill le Fianna Fáil mar gheall ar an mbealach a scrios siad an geilleagar agus a chuir siad ualach na déine ar an phobal.

“A luaithe agus a thuig sé an méid sin, feictear domsa gur mheas sé go mb’fhearr dó neamhní a dhéanamh dá cheangal le Fianna Fáil.”

Dúirt Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir gur ‘seafóid’ a bhí ann a rá go raibh sé ag iarraidh an dallamullóg a chur ar dhaoine. Dúirt sé nach raibh sa bhileog eolais ach “cárta gnó mór” agus nach raibh uirthi ach a shonraí teagmhála. Ní raibh an toghchán tosaithe ceart fós fiú, a dúirt sé.

Dar leis an Iar-Fheisire Eorpach, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil an athuair i ndáilcheantar Dhún na nGall, go léiríonn an scéal go bhfuil imní ar pholaiteoirí eile faoin olltoghchán.

Beidh iomaíocht dhian ann san olltoghchán i ndáilcheantar nuabhunaithe Dhún na nGall. Cúig suíochán ar fad a bheidh ann agus Ó Gallchóir ag seasamh d’Fhianna Fáil in éineacht leis an Teachta Dála Charlie McConalogue. I measc na n-iarrthóirí tá ceathrar Teachtaí Dála eile ag seasamh sa toghchán, Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh (FG), Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin agus Thomas Pringle (SF).

Fág freagra ar '‘Náire’ ar Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir faoina cheangal le Fianna Fáil'

  • Brian MacAmhlaigh

    Mas carta gno mor ata ann cen fath nach bhfuil Fianna Fail luaite ann – sin an gno ata aige.