‘Nach maith is eol dúinn an Gaeilgeoir a oileadh ar an seanchas Gaelach agus a shéanann na nithe sin ar a chlann’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (23 Meán Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

‘Nach maith is eol dúinn an Gaeilgeoir a oileadh ar an seanchas Gaelach agus a shéanann na nithe sin ar a chlann’

C solais

25 (Iomlán 961).                             Cláraithe mar pháipéar nuachta                             Meán Fómhair                             Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Tá trí chineál daoir ann: an daor a choinnítear ina dhaor le forneart; an daor a cheannaítear nó a dtugtar ór dó ionas go ndéanfadh sé mar is dual do dhaor a dhéanamh; agus tá na míle ina ndaor de bharr an aineolais. Nach maith atá a fhios sin againne i gConradh na Gaeilge. Nach maith is eol dúinn an Gaeilgeoir a oileadh ar an nGaeilge agus ar an seanchas Gaelach agus ar an gceol Gaelach, agus a shéanann na nithe sin ar a chlann.

Casadh seanscéalaí linn le gairid. Bhí an Ghaeilge go líofa aige. Bhí seanchas agus scéalta go fairsing aige. Bhí nós cainte aige a thaitin lenár gcroí. Thuig sé brí a scéil agus bhí modh inste aige a thug amach an chiall go soiléir. Fíor-litríocht ab ea na scéalta a bhí aige, mar bhí teagasc iontu, bhí áilleacht iontu, agus bhí caint léannta uasal iontu. Duine uasal agus fear léannta ar bhealach, ab ea an scéalaí sin. Bhí clann óg aige. Bhí siad gan Gaeilge. Bhí Béarla suarach briste acu agus níorbh eol dóibh seafóid thar litríocht. Bhí an scéalaí sin ina dhaor. Is iomaí duine mar é in Éirinn.

Is chun aineolas a scaipeadh agus chun eolas a chraobhscaoileadh atá Conradh na Gaeilge ann. Ní scaipeann gach saghas eolais an t-aineolas. D’fhéadfadh daor a bheith eolach agus oilte ar ghnóthaí daoir. Mura mbeadh sé oilte ar an gcuma sin ní bheadh sé ina dhaor maith. Is chun daoir a theagasc atá na Boird Oideachais ann, agus is maith an toradh atá ar a gcuid oibre. Is chun aigne na ndaor a shaoradh ó ansmacht an aineolais atá Conradh na Gaeilge ann. Ní féidir, dar linn, saor-aigne dílis Gaelach a oiliúint ar an mBéarla ná ar litríocht an Bhéarla.

Teanga an smachtóra i mbéal an daoir, sin comhartha daoirse. An daor a bheith aineolach ar réim agus ar ghníomhartha a shinsear sin comhartha go bhfuil an daoirse imithe go smior ann agus go bhfuil sé suaite inti. Ní shaorfar é le “conas taoi,” nó le “cén chaoi a bhfuil tú.” Caithfear dul níos faide ná sin le teagasc na Gaeilge. Caithfear eolas a thabhairt dó. Caithfear an litríocht agus an stair a mhúineadh dó. Ní leor baothscéalta, dá dheise iad, mar ábhar léinn. Ní thógtar fear ar bhainne.

Caithfidh ár múinteoirí tús maith a chur ar a gcuid oibre .i. an Ghaeilge a mhúineadh ar an slí is fearr. Agus caithfidh siad críoch maith a chur ar a gcuid oibre freisin .i. litríocht Ghaeilge agus stair na hÉireann a mhúineadh. Is minic a fheicimid duine agus teastas múinteora aige. Bíonn beagán Gaeilge aige agus modh múinteoireachta gan rath (mar nach mbíonn Gaeilge aige chun a múinte); agus ní bhíonn aon eolas aige ar litríocht na Gaeilge. Cén chaoi a dtiocfadh leis an duine seo tús nó críoch a chur ar a chuid oibre? Ní thiocfadh leis. Bíonn a chuid oibre gan bun agus barr. Daor is ea é féin, nó dall ag cinnireacht dall.

Is furasta na Boird Oideachais a shásamh. Sásaíonn beagán Gaeilge iad. Sásaíonn teastas bréige iad go minic. Ní chun na Boird Oideachais a shásamh atá an Conradh ann, ach chun a mhalairt d’obair ar fad. Ná bíodh ár gcraobhacha sásta le leamh-mhúinteoirí, ná le beagán Gaeilge, ná le baothléitheoireacht. Tá an t-ábhar léinn ann ach a lorg, agus tá modh múinteoireachta ann freisin a fhágann toradh ina dhiaidh, ach an modh sin a fhoghlaim agus a chur in úsáid.

Mealltar an t-aos óg chun na gcraobhacha agus ná ligtear don daoirse dul go smior iontu. Is dual don óige eiseamláir a leanúint. Ní chuirtear eiseamláir a sinsear rompu sna scoileanna agus má fhágaimid ag na scoileanna iad beidh siad ina ndaor ar ball. Beidh Dia linn san obair má bhrostaímid agus má leanaimid go dian don chomhrac le Galldachas. Tá cuma na hoibre ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath agus ar Ghaeil Bhéal Feirste, ach ní hí an chathair an tuath, agus tá an tuath go fada fairsing agus gan mórán craobh inti.

Deirtear linn nach raibh meon na ndaoine chomh trodach riamh is atá faoi láthair, agus go bhfuil rún acu a bheith dílis d’Éirinn feasta. Dá mbeadh cinnteacht againn gur rún buan an rún sin ní bheadh amhras orainn, ach dá mba pheaca rún neamhbhuan bheadh na mílte damanta. Is fíor, áfach, go bhfuil meon na ndaoine fabhrach don Ghaeilge agus ba leor sin dá mbeimis féin sách dúthrachtach. Is do na Gaeilgeoirí cainte an leathanaigh seo. Tá sé de dhualgas orthu a thaispeáint go dtéann dílseacht agus dúthracht agus clisteacht in éineacht leis an nGaeilge