Nach iontach an dream muid – spréachta faoi fhocailín gágach amháin ach míle go leith gasúr gan dídean!

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Enda agus scothchnáimhseálaithe Mhaigh Eo; a chuid coirce ite ag Gerry Adams; agus Blindboy Boatclub ar thom neantóg

Nach iontach an dream muid – spréachta faoi fhocailín gágach amháin ach míle go leith gasúr gan dídean!

Toghchán Strap

Blind boy

D’ardaigh an ghruaim agus na scamaill leo Dé Luain, bhí Loch Lurgan ag glioscarnach faoi ghrian ghléineach an earraigh agus bhí spionnadh nua le brath ar ghlórtha an aeir. Spiorad naomh na bpobalbhreitheanna a thuirling ag an deireadh seachtaine agus an ailp a bhain an Taoiseach as scothchnáimhseálaithe Mhaigh Eo ba chúis leis an mbeochan.

Bhí Frances Fitzgerald ag míniú dúinn gurb iad Fianna Fáil a bhí i gceist aige cé gur thuig mise uaidh féin ar Newstalk gurb iad muintir na háite a bhí i gceist aige. I bPort Láirge port Fitzgerald a bhí arís aige. Ní mé an sábhálfaidh cúpla euro na n-iriseoirí thar Sionainn anoir an Welcome Inn? Is glic mar a thug Michael Ring an chluas bhodhar d’fhear Bhaile Uí Fhiacháin a dúirt leis a cheannaire a athrú agus d’iarr vóta dó féin.

Bhí sé ina chaitheamh tuairgíní ar Chormac ag a 5 faoi Kenny, an Fine Gaelach dea-bhéasach dea-thógtha amhail lucht an tae i gCorcaigh é nó an bhfuil a chosa nite aige? Nach iontach an dream muid –spréachta faoi fhocailín gágach amháin ach míle go leith gasúr gan dídean!

Ó thosaigh an feachtas seo an locht is mó a bhí ar Kenny ná nach bhfuil ann ach teanga labhartha do na comhairleoirí/láimhsitheoirí agus nuair a scaoil sé leis féin, crochadh arís é.

Nach sílfeá fear atá sa bpolaitíocht chomh fada le Kenny go dtuigfeadh sé feasta gur cuireadh chun fuarchaoineacháin atá i dtoghchán agus nach mbeadh sé ina dhiaidh orainn mar chaitheamh aimsire? Cén páirtí é siúd a bhíonn ag síorchasaoid ‘fágadh tír againn a bhí briste agus i dtuilleamaí an IMF’? 

Ach seo fear a sáinníodh sa Bhruiséil ag déanamh láchín le Cameron ag an deireadh seachtaine, nár chodail ach ceithre huaire go leith aon oíche le cúpla mí, a bhfuil múr comhairleoirí ag cur focail aduaine ina bhéal – nach raibh sé thar am aige pléascadh agus é ar ais ar a nádúr?

Tá cuid mhaith againn níos fearr ag cnáimhseáil ná ag déanamh gnímh – mé féin an scothshampla – agus tá neart comrádaithe agam ar na haerthonnta. Nach bhfuil cláir speisialta againn don chnáimhseáil?

Bhí a chuid coirce ite ag Gerry Adams agus é ag iarraidh a phost a bhaint de Chathal Mac Coille ar Morning Ireland. Nuair ba chaidéiseach leis a bhí Mac Coille, ghlaoigh sé ar mhac Dé agus d’fhógair nach ‘quiz’ teach ósta a bhí ann. Nuair a meabhraíodh dó  díriú ar an gceist faoi cháin, dúirt sé gurb é ‘manglam’ beartas Shinn Féin a theastaigh uaidh a phlé, ach tá Cathal rófhada ar an mbóthar agus go deas séimh mhínigh sé don Dauphin: ‘Mise a fhiafraíonn na ceisteanna, sin mar a bhíonn sé’. Beidh Adams breá sásta a bheith ina aire ar phá fear oibre.

Ar Adhmhaidin tugadh deis do thriúr Neamhspleách – Gerry O’Sullivan, Maureen O’Sullivan agus Catherine Connolly – an scéin a dhíbirt faoi rialtas ag brath ar mhionlaigh agus é de stuaim iontu triúr a bpobal féin a chuir roimh aon uaillmhian ná díoltas pearsanta. Ní chuireann aon duine ceist orthu faoi mhargaí ná faoina rogha comhrialtais ag na doirse – níl ó dhaoine, dar leis an triúr seo, ach ionracas agus deirtí riamh go raibh an t-ionracas os cionn margaidh.

Ní margadh ach clár oibre a thabharfadh bean lár Bhaile Átha Cliath ar aon socrú agus tá bleid buailte ag dhá mhórpháirtí ar Gerry  cheana féin. Bunseirbhísí is mó atá ag teastáil ó dhaoine pé rialtas a bheas againn – bóithre le gabháil ag obair orthu mar thús.

Tráthúil go leor, lár Bhaile Átha Cliath a bhí á mhionscrúdú ag Newstalk díreach ina dhiaidh sin – tithíocht, obair agus na ciorruithe ar sheirbhísí a chur ar ceal is mó atá ó dhaoine ansin.  Feachtas dian anseo mar tá teachta caillte acu – ní bheidh ann an geábh seo ach triúr. Fiafraíodh díobh an mbeadh toghchán eile go luath againn agus bhí an scáth le brath i nglórtha na neamhspleách, O’Sullivan agus Christy Burke.

Cén t-iontas agus tú ar do chonlán féin gan meaisín páirtí ná díospóireachtaí ceannairí mar phoiblíocht agat.  Chuir Mary Lou fainic ar Chris Donohue go gcasfadh na héisteoirí as an raidió nuair a thosaigh sé an ‘ballyhoo’ nó an fuilibiliú faoi chomhrialtas. Meas tú nár cheart di féin agus Adams comhlacht comhairliúcháin cumarsáide a thosú?

Fear na Rubberbandits, Blindboy Boatclub, an t-anailísí toghcháin a bhí ar Today FM ar an Luan agus é idir mhagadh agus dháiríre. Is minic lucht grinn géarchúiseach grinn. Tuar fhear an phúicín: Comhaontas Glas – Éire róbheag le go dtéifeadh muid an domhan; Sinn Féin – is cuma lena lucht tacaíochta sa sioc faoin teorainn ná na sé chontae, táillí is billí atá ag cur as dóibh; Joan Burton – bean mhaith, is mór an trua gur cosúla le bean rialta nó mama chantalach í; Renua: bean mheabhrach ardcháilithe í Lucinda ach ní fhéadfadh duine as Luimneach comhairle airgid a ghlacadh ó Chorcaíoch a chanann  figiúirí – nach geall le David McWilliams an Phound Shop é Eddie Hobbs a scríobh an forógra dóibh!

Ní hionann agus a lán tráchtairí eile, d’admhaigh Boatclub go raibh an gnéasaíochas go smior ina anailís shleamchúiseach ar mhná cumasacha. Ní déarfá go deo, ar sé, go raibh fear rótheanntásach muiníneach! Vótálfaidh daoine do dhá dhream Chogadh na gCarad mar shuífeadh Éireannach ar thom neantóg ar fhaitíos go mbeadh sí ag aon duine eile! Nach hin díreach a dúirt an Taoiseach!

Níl aon chall do na mná seo aon imní a bheith orthu go mbeidh orthu aon phionta a cheannach do thráchtairí mar nuair a d’fhiafraigh Cormac Ó hEadhra dá phainéal cén ceannaire ab fhearr leo a ghabháil ag ól pionta leis, na fir a roghnaigh siad – seans nach dtuigeann na diabhail bhochta go bhféadfadh bean a bheith ina ceannaire.

Fág freagra ar 'Nach iontach an dream muid – spréachta faoi fhocailín gágach amháin ach míle go leith gasúr gan dídean!'