‘Nach é sin a laghad atá dlite againn do gach páiste, go bhfuaimneoimís a ainm i gceart?

Tá sochaí ilchultúrtha á tógáil i mbunscoileanna Mheiriceá, beag beann ar Donald Trump

Donald Trump 1
Donald Trump

Trioblóid le hamchlár traenacha Amtrak a thug orm oíche a chaitheamh in Columbia, príomhchathair South Carolina, agus is mar sin a tharla mé i mo shuí ar bhinse faoi chrann magnóilia sa pháirc timpeall ar Theach an Stáit maidin Aoine, caife á ól agam as cupán cartchláir, nuair a bhí cuairt á tabhairt ag rang bunscoile ar an áit stairiúil sin.

Chuala mé glór an mhúinteora, bean ghorm sna daichidí, taobh thiar díom.

‘Seo í an áit a tugadh síos bratach na Cónaidhme don uair dheireanach anuraidh. Tar éis an lámhaigh in Charleston agus an teannas a lean é tógadh an bhratach amach ó thailte an Stáit.’

Ag tagairt d’uafás a tharla i mbaile Charleston ar chósta South Carolina ar an 17 Meitheamh 2015 a bhí an múinteoir, eachtra inar dhúnmharaigh fear geal naonúr daoine gorma i séipéal Modhach ar an mbaile sin, súil ag an sceimhlitheoir go gcuirfí tús le ‘cogadh cine’.

Roinnt seachtainí tar éis na heachtra, i bhfianaise brú millteanach ón bpobal agus ó na meáin, chinn rialtas South Carolina bratach na Cónaidhme, siombal an tSean-Deiscirt agus a dhearcaí ciníocha ar chúrsaí cine, a thógáil anuas. Bhí an bhratach chonspóideach sin ar foluain os cionn Theach an Stáit ó bhí an bhliain 1962 ann; crochadh in airde í an uair sin chun cur i gcoinne na bpolasaithe feidearálacha deireadh a chur leis an deighilt oifigiúil idir na ciní sna Stáit Aontaithe.

Thug mé suntas don neodracht as cuimse i gcaint an mhúinteora. Ráiteas lom a rinne sí, gan aon ghoimh, mórtas ná tuairim ar bith eile le sonrú ar a glór ná ar a cuid focal, in ainneoin go gcaithfidh sé go mbeadh neart tuairimí ag bean ghorm dá haois faoin gcaidreamh casta idir na ciní sa chuid seo de na Stáit Aontaithe. 

Daoine gorma ba ea iad formhór na bpáistí ina rang, ach bhí beirt nó triúr daltaí geala ina measc. An raibh a cuid cainte á cur in oiriúint dóibh siúd ag an múinteoir? Ar ndóigh ní raibh mé in ann féachaint isteach ina haigne, ach chonacthas dom go raibh gaois ar leith ag baint lena cur chuige: ní haon mhaith cur le fáinne fí fuatha. 

B’fhéidir nach raibh ann ach go raibh a jab á dhéanamh i gceart aici: na fíricí loma a thabhairt, ligint do na daltaí a mbrí féin a bhaint astu. 

Níos luaithe ar mo thuras timpeall na Stát, i gcathair Denver, tharla i dhá bhunscoil éagsúil mé i dteannta chairde liom agus a gclann. B’ábhar misnigh dom a bhfaca mé sna scoileanna sin. Ba mhó líon na ndaltaí ó chúlra inimirceach ná líon na ndaltaí Meiriceánacha sa dá scoil, ach ní raibh pioc den drochatmasféar a shamhlaítear lena leithéid de scoileanna san Eoraip go minic le sonrú. Bhí comharthaí dátheangacha (Béarla agus Spáinnis) ar fud scoile amháin, ag cinntiú go mbraithfeadh líon mór na ndaltaí sa scoil sin a labhraíonn Spáinnis ag baile sa bhaile ar scoil. B’ábhar suntais líon mór na ndaltaí Moslamacha sa scoil eile, ach bhí na páistí ar fad ag spraoi go sona sásta lena chéile i gclós na scoile agus bhí ainmneacha casta na ndaltaí inimirceacha ar bharr a dteanga ag na múinteoirí. ‘Nach é sin a laghad atá dlite againn do gach páiste, go bhfuaimneoimís a ainm i gceart?’ a dúirt múinteoir scoile amháin liom nuair a chuir mé ceist uirthi i dtaobh ainm dhuine de chairde mhaicín mo chara, ainm nach raibh muidne in ann a fhuaimniú i gceart ar bhealach ar bith (nó sin a dúirt an leaidín óg.)

Cinnte, is iomaí dúshlán atá roimh na Stáit Aontaithe ó thaobh na gcaidreamh idir phobail éagsúla na tíre de, go háirithe agus iarrthóir sa rása uachtaránachta ag iarraidh balla a thógáil ar theorainn Mheicsiceo agus cosc a chur ar Mhoslamaigh taisteal chun na tíre.

Ach chuir na múinteoirí bunscoile a casadh orm trí chomhtharlúint in Denver, Colorado agus in Columbia, South Carolina dóchas ar mo chroí. Tá sochaí ilchultúrtha á tógáil i mbunscoileanna na Stát Aontaithe, beag beann ar thuairimí Donald Trump.