Nach deas é? Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?

Ceann de na buntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí i gceantar Gaeltachta go mbíonn  uaireanta ann a gcloiseann tú leagan Gaeilge á rá go nádúrtha nuair is sa litríocht nó sna hamhráin is mó a bheadh súil agat leis.

Thug mé marcaíocht sa gcarr d’fhear aitheantais lá agus nuair a tháinig muid chomh fada le teach tábhairne d’iarr sé orm stopadh .

“Ólfaidh mé cúpla crúiscín anseo a thógfas mo chroí,” a dúirt sé.

Chuimhnigh mé láithreach ar an amhrán ar mhinic le Seán Ó Liatháin as Gaeltacht Chorcaí a bheith  á chasadh:

‘Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhúirnín,

Is cuma liom a cúilín dubh nó bán,

Agus gheobham aríst an crúiscín is bíodh sé lán.’

Dá mba in Albain a bheinn agus go n-iarrfadh fear orm é a ligean isteach i dteach tábhairne seans gur dram fuisce a bheadh ar intinn aige a ól.

Tá gaol ag an bhfocal sin dram leis an bhfocal drachma, dála an scéil. Tomhas a bhí sa nGréig fadó ba ea an drachma.

Ar ndóigh bhí drachma de chineál eile acu  freisin go dtí gur dhíol siad a n-anam le hAontas na hEorpa.

Tá an focal dram i nGaeilge na hÉireann fós, go mór mór sa Tuaisceart. Féach ar an rann seo:

‘Is maith an t-ól,’ arsa an pótaire,

Beireann sé spóirt d’fhear gan croí,

Oineach  don fhear atá crua,

Ciall agus stuaim don mhnaoi,

Misneach don fhear atá fann,

Lena fhocal in am a rá;

Ní miste dom stad de mo rann,

Cuir chugam an dram sin anall.’

‘Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí,’ a dúirt mo chara liom. Ar ndóigh is iomaí leas  eile is féidir a bhaint as crúiscín.

D’fhéadfadh crúiscín meala a bheith agat nó crúiscín uachtair.

Taobh amuigh de sin ar fad baintear leas as an bhfocal crúiscín ar bhealach eile fós. Scríobadh an chrúiscín a thugtar ar dheireadh an áil, an duine deireanach den teaghlach a thagann  ar an saol.

Tá rud eile le rá freisin;  tá bealaí go leor ann le do chroí a thógáil seachas donán a dhéanamh díot féin ag ól fuisce as crúiscín.

Cailín deas óg le bréagadh is fearr a dhéanadh an beart do na filí fadó.

Maidir liom féin tá mé ar an gcaoi anois gur leor liom mar thógáil croí leagan maith Gaeilge a chloisteáil á rá go nádúrtha agus eagarthóir Tuairisc.ie a bheith sásta a admháil gur deas é.

Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Cúpla crúiscín a thógfas mo chroí…'

  • padraig

    ‘Cailín deas óg le bréagadh ‘ is suimiúil an nath e sin ann fein maidir le cluain a chur ar mhnaoi, agus ni folair no bhi na Muimhnigh (maoinigh?) go maith oilte chun an churaim óir deirtear ‘an chluain Mhuimhneach’ a chur ar bhean. Agus ‘bréagadh’ a bhionn i gceist leis sin chomh maith, an bhfuil baint aige le ‘bréag’? Ma ta, nach saonta simpli iad na baineannaigh a rá gur feidir dallamullog no dallaphuicin mar sin a chur orthu? Agus stail eigint a bhóín á cur thar abhainn orthu? Ach deirtear i Leith leanaí leis é …d’fhonn iad a chur a chodladh. Déanann lucht na polaitíochta sinn a bhréagadh aimsir toghcháin leis! Is fuirist cuid again a bhréagadh is léir. ‘Dram’ atá ar siúl ag Seosamh, tá ‘scíobas’ nó ‘braon’ nó ‘bolgam’ ann chomh maith agus ‘deoichín’ mar ainm ceana ag lucht na póite ar an tsuthaíocht a bhíonn ar siúl acu. Is sláintiúla go mór dúil a bheith agat i bhfocail na dúil a bheith sa ndigh agat!