Nach deas é? ‘Thugas liom mo chip is mo mheanaithe’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?

‘Á, thugais leat do chip is do mheanaithe.’ B’shin é an beannú a fuaireas i dtigh i bparóiste Múrach le déanaí agus mé ar triall agallaimh le haghaidh na teilifíse. Bhí fear an tí ag tagairt don dtrealamh ar fad – ceamara, micreafóin, seastán tríchosach srl – a bhí ag sileadh liom. Nath is ea é a tharraingíodh mo mháthair chríonna chuici féin go minic, ach níor dheineas riamh machnamh fé bhunús na cainte nó go rabhas ag filleadh abhaile ó pharóiste Múrach an tráthnóna san.

Déarfá go raibh ‘a chip is a mheanaithe’ ag an té go mbeadh a lán uirlisí nó trealaimh á iompar aige, duine go mbeadh scata giúirléidí aige chun cúram nó gnó éigin a dhéanamh. D’úsáidfí é chomh maith mar chur síos ar mhaoin uilig an tsaoil a bheadh ag duine: “D’aistrigh sé suas go Bleá Cliath agus thug sé leis a chip is a mheanaithe’ a déarfaí, mar shampla.

Tá bunús an natha le haimsiú in obair an ghréasaí. Leagan Duibhneach den bhfocal ‘ceap’ atá sa ‘chip’. ‘Sé seo an bloc nó an múnla adhmaid a bhíonn ag an ngréasaí. Ar an gcip a leagtar an leathar chun na bróga a dhéanamh (last sa Bhéarla). Leagan canúnach eile atá sa bhfocal ‘meanaithe’, nó ‘meana’ mar a fhaightear sa chaighdeán. ‘Sé seo an uirlis bhiorach (awl sa Bhéarla) a bhíonn ag an ngréasaí chun an leathar a pholladh.

In úrscéal an Athar Peadar Ua Laoghaire, Séadna (1907), deintear cur síos ar na huirlisí atá ag an ngréasaí agus laoch an scéil, Séadna:

‘do thairrig sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snátha agus na meanaithí caola agus na meanaithí ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair.’

Tá teacht ar nath deas eile i bhfoclóir Uí Dhónaill a dheineann tagairt don gcip. Dá mbeadh do bhróga seanachaite agat sa tslí is nárbh fhéidir iad a dheisiú, déarfá go rabhadar ‘imithe ó cheap is ó choisíocht’.

Sa tseanashaol, ba nós leis na gréasaithe dul ó thigh go tigh agus iad i mbun oibre agus dá bhrí sin, ba mhinic iad le feiscint ag taisteal na mbóithre agus a gcuid uirlisí á n-iompar acu. Tá deireadh leis an ré sin anois ach féach go maireann a macalla sa chaint go fóill, fiú más ‘contraptions’ de chuid Sony a bhíonn i gceist!

‘Thugas liom mo chip is mo mheanaithe’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Thugas liom mo chip is mo mheanaithe’'