Nach deas é? ‘Téir in ainm phuilíní an diabhail!’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?

‘Téir in ainm phuilíní an diabhail!’ Caint í seo a chloistear i gCorca Dhuibhne agus deinim amach gur caint láidir is ea í chomh maith. Is éifeachtaí go mór fada é ná ‘bailigh leat,’ ‘gread leat,’ nó fiú ‘fág mo radharc agus ná bí ’om bhadráil.’ Ach cad a chiallaíonn sé? Má fhéachaimid ar Fhoclóir Uí Dhónaill chífimid gur litriú eile atá á mholadh:

poillíní, spl. (In phrase) Dul in ainm phoillíní an diabhail, to go to the dickens.

Agus ‘nach deas é’ an t-aistriú go Béarla leis: ‘to go to the dickens!’ Ní thuigim, áfach, an litriú seo ‘poillíní’. An amhlaidh atá poill bheaga i gceist? Poillíní an diabhail? Polláirí an diabhail? Téann díom. Ach féachaíg go bhfuil míniú le fáilt againn sa bhfoclóir iontach úd, Réilthíní Óir, foclóir a chuir Seoirse Mac Clúin le cheile i bpáirt le Tomás Criomhthain ar an Oileán Tiar fadó. Seo mar atá acu:

Puilíní: blúire adhmaid (nó iarainn nó mar sin) go mbíonn roth air agus slabhra nó téad ar an roth chun rudaí a thógaint. Chuir sé uaidh mé in ainm phuilíní an diabhail. Imigh in ainm phuilíní an diabhail etc. . . . [N]a puilíní a bhíonn ag an ndiabhal chun na daoine d’ardú isteach in ifreann.

Is dócha, mar sin, gurb é ‘puilíní’ is ceart a scríobh ach pé rud a scríobhtar, b’fhéidir go gcloisfear an nath so agus nathanna eile mar é sna míonna atá romhainn amach anois toisc go bhfuil an feachtas toghchánaíochta ar lic an dorais againn agus seans ag daoine, dá réir sin, na polaiteoirí is ansa leo a fhógairt ‘in ainm phuilíní an diabhail.’

‘Téir in ainm phuilíní an diabhail!’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Téir in ainm phuilíní an diabhail!’'