Nach deas é? Súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Ba chuid den traidisiún béil i roinnt dúichí Eorpacha, Éire ina measc, an fabhalscéal a instear thíos ach is ón India, i dtéacs ársa an Panchtantra, is túisce fianaise air.

Le breacadh an lae maidin fheannaideach gheimhridh, bhí sionnach óg ag déanamh a shlí go hairdeallach ar ais chun a phluaise. Ba í seo an tríú hoíche a bhí tugtha sa tseilg aige gan aon ghreim tite leis agus b’ocrach maolchluasach a thriall.

Thug a chúrsa taobh le claí goirt é a raibh tarbh breá stóinsithe ag iníor ann agus nuair a tháinig an sionnach chomh fada leis an mbearna, thug sé faoi deara an t-ainmhí istigh.

Thit a shúil láithreach ar an spóla teann feola a bhí ag sileadh leis an tarbh agus mheas sé gur ghearr uaidh béile. Isteach sa ghort leis agus gach cor dá gcuireadh an tarbh de, leanadh an sionnach é achar discréideach uaidh ag lámhacán ar a bholg. D’imigh uaireanta fada thart agus é ag tnúth ó nóiméad go nóiméad go dtitfeadh an ailp leis — rud nach raibh i ndán dó.

Is ón eachtra seo a d’eascair an nath ‘súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh,’ nath a luafaí leis an té a bheadh ag súil le rud nach mbeadh fáil aige air. Bhí toise teagascúil ag an scéal chomh maith mar go dtugann feitheamh fada an tsionnaigh a bhás chun cinn — criogann an t-ocras é uaireanta nó tagann an feirmeoir air agus maraíonn é i leaganacha eile.

‘Súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh…'

  • cormac@hotmail.com

    nó ‘ná déan deimhin de do dhóchas’