Nach deas é? Níl ann ach ‘téanam abhaile’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Níl ann ach ‘téanam abhaile’

Is ag Caitlín Maude, Ros Muc, agus ag Donncha Ó Drisceoil, Oileán Chléire, a chuala mé an chaint seo agus mé ag póirseáil trí chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta le gairid. Focal ana-choitianta ó dheas is ea ‘téanam’, a chloisfí i leaganacha mar téanam ort nó téanam leat san áit a mbeadh goitse ag an Ultach nó gabh i leith uait ag an gConnachtach, b’fhéidir.

Fear nach mbeadh puinn dúil i gcomhluadar aige, is minic a thabharfaí ‘téanam abhaile’ air mar shaghas leasainm. Dá mbeadh cluiche cártaí nó rince nó aon ól ar siúl agus gur mhaith le muintir an tí go bhfanfása, b’fhéidir go ndéarfá, “ní miste liomsa fanúint go maidin ach cad ’déarfaidh téanam abhaile?”.  ‘Sé a chloistí coitianta amach ó chósta Chorcaí agus an teanga ina neart ann.

Ní ag an Muimhneach amháin atá an focal, ámh. Tá an focal céanna in iarthar na Gaillimhe ach amháin gur minic an síneadh fada bainte den litir e ag an gConnachtach sa tslí is go ndéarfadh sé siúd teanam seachas téanam. Dá bhrí sin, an té ar nós leis imeacht luath is gan bacadh leis an airneán, déarfaí ina thaobh nach bhfuil ann ach ‘teanam abhaile’ – “Níl ann ach teanam abhaile” nó  “Tá sé ina theanam abhaile mar is iondúil leis”, a deirtí thart timpeall Ros Muc agus sna bólaí sin.

Níl ann ach téanam abhaile – nach deas é?