Nach Deas é? ‘Ní mhothaíonn an Sáitheach an Tráthach Ocrach’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e eddie?

Bhí Seán ‘An Common Noun’ Ó Dálaigh agus Cearbhall ‘An tAbhcóide-Ard-Aighne-Breitheamh-Uachtarán’ Ó Dálaigh ag spaisteoireacht timpeall Dhún Chaoin lá, boilg na beirte lán tar éis dóibh a bheith i mbun proinne i dtigh an Dálaigh i mBaile Bhiocáire. Cé a bhuailfeadh leo ach Séamas Beag, fear ar a raibh cáil an ghoile i gcian is i gcóngar air. (Uair tar éis dó béile bídh le scoth na feola agus im uachtarlainne a fháil ós na Siúracha i gColáiste Íde bhí Séamas chomh tógtha sin leis an mbia go ndúirt sé le an tSiúr a bhí i gceannas ‘Ní haon ionadh go mbeadh creideamh agaibh!’.)

Ní raibh canta aráin ná blúire ime ite ag Séamas ó mhaidin, agus bhí a bholg thiar ar a dhroim le hocras. Ní raibh puinn suime á chur ag mo bheirt eile i gcruachás Shéamais, agus ar deireadh ar sé sin leo “Tá sé ráite riamh ná mothaíonn an sáitheach an tráthach ocrach”.

Tagann an focal ‘sáitheach’ (sách sa Chaighdeán) ón bhfocal ‘sáith’, is é sin dóthain bídh nó dí is a líonfadh do bholg. An té a bheadh bolg lán aige bheadh sé ‘sacaithe’ agus dá mbeadh rian a choda go maith air bheadh sé ina ‘shacadán’. ‘Tráthach’ is ea duine a bheadh imithe tamall ana-fhada gan aon ghreim a ithe.

D’fhéadfaí an nath seo a úsáid nuair a chloisfeá An Donald, nó duine rachmasach dá leithéid ag cáineadh agus ag maslú na Meicsiceach a bhíonn ag iarraidh éalú ón mbochtaineacht agus tabhairt fés na Stáit Aontaithe d’fhonn saol níos fearr a chruthú dóibh féin. D’fhéadfaí é a rá nuair a bhíonn ionadh ar Rialtas Iosrael nuair a thriaileann muintir na Palaistíne éirí amach as an staid ina bhfuilid curtha ag stát céanna Iosrael. Agus d’fhéadfá é a rá Dé Domhnaigh seo d’imigh tharainn nuair a bhí baill an Rialtais a bhí i gcumhacht le cúig mbliana seasta go sollúnta ar shráideanna Átha Cliath, fé mar a bheadh scata broigheall ar stocán mara, iad dall ar fad ar na daoine atá ag codladh ar na sráideanna céanna agus gan faic déanta acu chun cabhrú leo i rith an ama.

Ní mhothaíonn an Sáitheach an Tráthach Ocrach’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach Deas é? ‘Ní mhothaíonn an Sáitheach an Tráthach Ocrach’'

  • Darragh Ua Caoimh

    Ar fheabhas!