Nach deas é? ‘Ní idir Carraig an Chinn is na clocha atánn tú!’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

 

Nach Deas é

Tá sé ar cheann des na radharcanna is suaithinsí i gCorca Dhuibhne (agus dá réir sin ar domhan!). Radharc go dtógtar na mílte grianghraf de gach bliain, é le feiscint ar chártaí poist le blianta fada agus anois tá sé i bhfeachtas fógraíochta teilifíse de chuid EIR. An radharc ó bharra Thráigh Chlochair siar ar Inis Tuaisceart, ceann des na Blascaodaí, atá i gceist.

Tugtar An Fear Marbh (The Sleeping Giant sa Bhéarla) ar an oileán seo chomh maith agus id sheasamh duit os cionn Thráigh Chlochair agus lán na súl á bhaint agat as áilleacht an taobh tíre ar t’aghaidh amach, tá an fathach codlatach frámálta ag dhá rinn tíre: Drom Chlochair ar an dtaobh thuaidh agus Ceann Sraithe ar an dtaobh theas.

Tá an cósta seo fiain, é basctha briste ag cogaint, meilt agus síorchreimeadh farraige. Tá ainmneacha gleoite ar an smionagar atá le cliatháin Cheann Sraithe: Fochais an tSeanntailimh, Na Brandaí, Carraig na nGearb, An Coca, An Cuas Mór, Cuas Dubh na Fothrach, Poll na Slaite, Lic Thomáisín, Glúin an Chinn, Carraig na hAithe agus Spor na bhFiach Mara mar shampla.

Ach ‘sí Carraig an Chinn an chloch is suaithinsí ar fad acu. Stocán téagartha leathchéad céad slat amach ó Cheann Sraithe. Tá sí ina laoch go haonaránach, cróga, í sa bhearna bhaoil agus í ar a seacht ndícheall ag iarraidh Ceann Sraithe a chosaint ar ionsaithe fíochmhara an Atlantaigh. Nuair a thagann na rabhlaí móra farraige, bíonn na tonnta ag pléascadh uirthi ceann i ndiaidh a chéile sa tslí is go samhlaítear duit go ndúiseodh búireach na mara anso an Fear Marbh féin.

Tá chúig bliana déag ann ó bhailíos logainmneacha agus dinnseanchas an taoibh tíre seo ó Joe de hÓra. Fear uasal a bhí os cionn na gceithre fichid, fear a thug a shaol i gClochar agus go raibh an radharc diamhair sin frámálta i bhfuinneoig na cisteanach aige.

Agus é ag cur síos ar Charraig a’ Chinn, thairg sé chuige nath cainte a bhíodh le clos go forleathan sa dúthaigh le linn a óige ach atá geall le bheith imithe as caint na ndaoine anois.

“Ní idir Carraig an Chinn is na clocha atánn tú!” Mhínigh Joe dom go ndéarfaí é seo le duine go mbeadh griothal nó anbhá air fé rud éigin. Iarracht ab ea é an té sin a chur ar a shuaimhneas. Ní gá duit ach féachaint ar Charraig an Chinn agus tuigfir a bhfuil sa chaint sin.

Níl lá sa bhliain ná go mbíonn an caolas beag farraige idir í agus Ceann Sraithe suaite. Gal farraige ag éirí de dhroim chumhrán bán an bhorrtha. Dá mbéarfaí ort sa chaolas seo, ní fada go ndéanfaí brosna ded bháidín. Ní maith an áit í lá ciúin samhraidh fiú. B’fheidir go bhfuil macalla den dteachtaireacht chéanna le fáil sa nath Béarla “caught between a rock and a hard place”.

Le linn dom bheith ag póirseáil sa chnuasach béaloidis atá i mBailiúchán na Scol – an chuid a bhailigh leanaí an Bhuailtín sa bhliain 1937 – bhuail leagan de nath cainte Charraig an Chinn liom i gcóipleabhar Mhuiris Firtéar (An Baile Uachtarach) ach go raibh eireaball breise leis ina leagan siúd:

“Ní idir Carraig a’ Chinn is an chloch atánn tú, ná i bPóna Gharraí na dTor”.

Tá Garraí na dTor breis is 15 míle ó Charraig an Chinn, é thoir i bparóiste Lios Póil, agus de réir an tseanchais, bhí an póna anso roimis an nGorta Mhóir.

Caithfidh go raibh ana-dhrochtheist ar mhaor an phóna i nGarraí na dTor sa mhéid is gurb ionann do bhó bheith sáinithe istigh ann agus tú i mbealach na contúirte, teanntaithe idir Carraig an Chinn is na clocha!

Ní idir Carraig an Chinn is na clocha atánn tú! Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Ní idir Carraig an Chinn is na clocha atánn tú!’'