Nach deas é? ‘Ní fhéadfadh aon duine an tsúil ribe a chur air…’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? ‘Ní fhéadfadh aon duine an tsúil ribe a chur air…’

Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘pigeonhole’ nó ‘pigeonholing’, is é sin breithiúnas caolaigeanta a thabhairt ar dhuine nó rud bunaithe ar do chuid réamhthuairimí féin.

Chuireamar an cheist sin cheana ar scata daoine a raibh ‘pigeonholing’ déanta againn orthu mar shaineolaithe ar na cúrsaí seo, ach freagra sásúil ní bhfuaireamar.

‘Duine/rud a chur i mbosca’ nó ‘lipéad a chur ar dhuine/rud’ atá ag an bhfoclóir nua ar ‘pigeonhole’.

Dhéanfadh an dá leagan sin an bheart, is dócha, ach bheidís ábhairín rólitriúil don cholún seo.

Thángamar ar réiteach na faidhbe sa deireadh agus sinn ag éisteacht le Micheál Ó Sé ag caint faoin Athair Pádraig Ó Fiannachta, trócaire air, ar An Saol Ó Dheas ar RnaG.

Bhí dóthain i bpíosa ómóis fuinte fileata Uí Shé a choimeádfadh an colún seo ag imeacht go ceann bliana, ach chuireamar suim go háirithe ina chur síos ar a ildánaí is a bhí an Fiannachtach agus ar a fhairsinge is a bhí an réimse spéiseanna aige.

‘Ní fhéadfadh aon duine an tsúil ribe a chur air,’ a dúirt Ó Sé.

Is ionann ‘súil ribe’ agus gad ach nárbh oiriúnach agus seiftiúil an earraíocht a baineadh as sa chás seo?

‘Ní fhéadfaí an tsúil ribe a chur air’.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Ní fhéadfadh aon duine an tsúil ribe a chur air…’'