Nach deas é? Ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó…

Is iomaí sin bealach a bhíonn againn lenár ndrochmheas ar dhuine a chur in iúl agus le beag is fiú a dhéanamh de féin agus dá mbíonn le rá aige. Ní fiú linn éisteacht leis, ní áirím aon chomaoin a chur air.

Tugaimid an chluas bhodhar dó agus ligimid a ndeir sé thar ár gcluasa. Tugaimid cluasachán air le drochmheas ar a mheabhair chinn nó lena chur in iúl gur beag atá idir a dhá chluas.

Is minic a deirtear ní ghabhfainn trasna an bhóthair ag éisteacht leis nó ní éireoinn de mo thóin le hé a chloisteáil ach sílim féin go mbaineann an rá seo barr díobh sin ar fad –  ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní chorróinn mo chluas ar mo leiceann dó…'