Nach deas é? Nach mór an carghas é!

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Nach mór an carghas é!

D’fhéadfadh cantal a bheith ort faoin tráth seo más amhlaidh an bheadaíocht sin uilig is ansa leat a bheith crosta agat ort féin ar mhaithe leis an anam nó leis an gcolainn. Seantraidisiún an carghas a dhéanamh ar rud a mbeadh dúil agat ann ach d’úsáidtí an focal carghas freisin agus gan an séanadh ná an troscadh a bheith i gceist leis. 

Tá siad ann nach carghas leo rud ar bith, chuile rud sciobtha leo chun a leasa féin acu agus chuile mhian á sásamh.  Ní ligfeadh an carghas dó scaradh le luach a bhéile, nuair is sprionlaitheacht seachas aithrí a bheadh á spreagadh. Chuirfeadh an bhail a bhí ar an gcréatúr carghas ort nuair is brón agus briseadh croí atá i gceist. 

Is carghas liom scaradh leis an ngadhar seo ach ós tú féin atá ann, croch leat é!

Nach mór an carghas é! Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Nach mór an carghas é!'