Nach deas é? Cén diabhal castróvaics atá ort?

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Blianta siar, ráinig dom a bheith ag aisteoireacht ar stáitse le haisteoir cumasach as Conamara. I radharc amháin bhí an focal ‘castróvaics’ i mbéal an charachtair a bhí idir lámha aige. I ngach cleachtadh agus léiriú, théadh an bhfocal sa bhfraoch air.

Faoi dheireadh, ba chúis gairí don chuid eile againn é, rud a chuir muc ar gach mala ag an stiúrthóir pointeáilte, cancrach. Bhí an Conamarach bocht den tuairim nach raibh a leithéid d’fhocal sa Ghaeilge (ná sa Ghaoluinn fiú) agus gur cumadh d’aon ghnó glan é len é a chrá.

Bhíos ag diúgadh pint le duine de mhuintir an tí seo oíche agus iad im cheistiú faoi bhunús agus brí an fhocail. Iad féin amhrasach gur as scioból mo shamlaíochta a tháinig sé agus ní ó chaint na ndaoine. Go deimhin, má dhéanann tú cuardach Google ar an bhfocal ní gheibheann tú ach sé thoradh (curiarracht Google de shaghas éigin) agus naisc chuig ailt de mo chuid féin atá i gceithre cinn acu (Nóta ón Eag: Stop ag úsáid an fhocail seo). Toradh eile a bhí ar an gcuardach sin ná an comhrá Twitter thíos ina léiríonn Maitíú Ó Coimín an tí seo a dhindiúirí teangeolaíocha.

twitter

Cé gurb é an ‘v’ sin a chuireann cuma allúrach ar an bhfocal, is ann dó i gcaint na ndaoine i gCorca Dhuibhne. Níl aon fháil air in aon cheann de na foclóirí ach tá an cuntas thíos ag Dáithí Ó Luineacháin air sa leabhar iontach sin Cnuasach Focal ón gCom, a cuireadh i dtoll a chéile le cabhair mhór ó Pheaidí M’Leoin.

castróvaics /kasdəro:vak’s/f., g.u. ~. Complexity; mixum-gatherum. Is diail an castróvaics é! (of yarn, etc.) it’s a terrible twist; (of situation etc.) what an awful complexity.

Cé nach bhfuil an focal chomh coitianta sa chaint bheo is a bhíodh, is cuimhin liom féin é a bheith á úsáid agus mé ag éirí aníos. A leithéid seo: “An bhfuil an obair sin déanta fós agat, nó cén diabhal castróvaics atá ort?” (Nóta eile ón Eag: Deirtear fós leat é). Is le mífhoighne a deirtí é, an duine ag cáiseamh go bhfuileann tú ag tarraingt na gcos agus ag útamáil.

Chuireas ceist ar roinnt daoine ó dheas agus ní raibh éinne in ann bunús an fhocail a mhíniú ach bhí duine amháin den tuairim gur bhain sé le bréagán útamálach, liobarnach a bhíodh ann tráth.

Tá castróvaics ag baint le castróvaics mar sin, ach is maith ann é mar sin féin. 

Cén diabhal castróvaics atá ort? Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Cén diabhal castróvaics atá ort?'

  • Gabriel Rosenstock
  • seán

    Sin focal eile ó CD a bhfuil cuma mhealltach allúrach air .i. scrans.
    Bhfuil aon mhíniú ar an tsanasaíocht a ghabhann leis? ‘Tá scrans ar a theanga’ ………………….saghas manglaim chainte aige ar nós Bú (beannacht na nDéithe leis) nó aon duine a mbeadh dul allúrach, stróinséarta ar a chuid cainte?

  • alan

    ‘kastroviks’ focal Rúisise a chiallaíonn asarlaíocht, geis, draíocht etc
    ‘cén dul amú/castróviacs atá ort’? a déarfá le…bhuel…dul amú.
    Ar tháinig aon mhairnéalaigh i dtír i gCDde sheans a chuir na mná faoi gheasa b’fhéidir.
    Fear arbh ainm dó ‘kastroviks’?