Nach deas é? Is buadánach maith é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Ernie McCracken

Ní raibh meas na muice riamh sa bpobal ar aon duine a raibh aon éiri in airde ná postúlacht ag baint leis. Ní hiontas mar sin an cliabh focal is nathanna atá againn ar an tréith nó an aicíd sin – postúlacht, leitheadacht, gaisce, mórtas, maíomh, mórchúis, bolmán béice, mórtas tóin gan taca agus mór is fiú.

An ceann is fearr liom féin ná buadánacht agus buadánach ar an duine. Seancheirt nó giobal é an buadán a chasfá thart ar chréacht nó lot, bindeallán baile. Nach géar grinn an léamh a bhí ag an té a cheap ar an mboicín a cheapann gurbh é féin a rug é féin nó fiú gurbh é a rug Mac Dé!

Is buadánach maith é. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is buadánach maith é…'

  • padraig

    Ní háil liom a bheith graosta ná gáirisiúil ach bhí an focal ‘buadán’ coitianta i mBéarla iarthar Chorcaí (tá sé ag cuid de na seanrásúir fós) agus an chiall atá leis ná ‘leath-éirí a thagann ar fhear .i. ar a bhod’ toisc é a bheith suite ar chairt nó ar bhus corraiceach éigein agus gach suathadh á bhaint as. Ní ‘éirí in airde’ ar fad a bheadh ann …ahem……..Chuala m’athair féin ag déanamh scigaithrise ar thuin chainte chosmhuintir na cathrach agus é sna trithí gáire nuair a deireadh sé……… ‘a penny boodawn up to Gurrane’ .i. turas bus suas go Gurrán na mBráthar a chosnódh pingin ort. B’in an craiceann is a luach agat, mo lagar!

  • padraig

    ‘ceapann sé gur aniar as poll a thóna a éiríonn an ghrian’ ceann eile acu a thaitníonn go mór liom.
    ‘bolgán béice’ ó dheas againn seachas ‘bolmán béice’
    ‘tá tuairim aige do féin’ ….’nach é atá os cionn cinn’……..’ a cheann san aer aige’……’tóirtéis ag baint leis’….’duine tóirtéiseach’ …..’tá cor sa tsróin aige (do x)’…………