Nach deas é? Iascaire pluide

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Iascaire pluide

Duine a dhéanfadh marú diabhalta ar iasc agus é ar a chompord cois tine, thabharfá iascaire pluide air.

Comhairle mhaith an breac a bheith ar an talamh agat sula gcuirfeá sa bpota é ach níor stop sin an ghaotaireacht cois teallaigh faoin rath éisc a bhíodh ar an leadaí sa gclúid nár fhliuch stoca sa sáile riamh.

Agus an oíche caite aige ar cur síos ar na baisceanna breátha éisc a tharraing sé aníos i gcléibh asail agus é i mbarr a mhaitheasa, is deas mar a thabharfaí iascaire pluide air ar an mbealach abhaile. 

Is iomaí ceird eile a bhfeilfeadh an meafar sin di mar bíonn an t-iománaí ar an gclaí siúlach cabach – bhí faobhar ar na dornálaithe pluide aimsir Rio, níl Ciarraí gan peileadóirí pluide an tseachtain seo agus cá bhfágfá polaiteoirí pluide na meán?

Iascaire pluide. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Iascaire pluide'

  • padraig

    Is deas go deimhin a Mháire, gan dabht níl an focal pluid coitianta i gCiarraí againn. Ba dheas linn tuilleadh téarmaí iascaireachta a chloisteáil ó Mháire srl. Féach iad seo mar shampla: focail mhóra agus mogaill fholmha ie scaothaireacht gan cur leis (polaiteoirí?). ‘Ní breac go port é’ …ceann eile a bheadh úsáideach i réimse na polaitíochta! ‘B’fhuirist a leathbhreac eile a fháil’…níl oiread san tábhachta ag baint le héinne againn (faoi mar ba mhaith linn a cheapadh babhtaí!). ‘Chuaigh sé ón rabharta go dtí’n mhallmhuir’……tuigfear as sin gan aon agó …..Tá an Ghaeilge breac (!) le meafair mar sin agus ba cheart iad a thabhairt i dtír…