Nach deas é? Glór i gCóitín…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?

Tá an-drogall ar na spailpíní sin a roghnaigh muid leis an tír a rith tabhairt faoina gcúram agus an díocas a bhí orthu os comhair na micreafón tráite. An chuid ab abartha acu dhá mhí ó shin tá siad imithe i bhfolach i bpluais éigin. Ach mar is dual don fholús, is leis an nglór i gcóitín a bhíodh plúchta ag na clabairí an t-urlár anois agus gothaí troda ar sheifidí gan téagar ná teacht aniar. Cóta nó cóitín a thugtaí ar an ngúna flainín a bhíodh ar na buachaillí go mbídís in aois scoile san am a caitheadh. Cosaint ar an slua sí a mbíodh tóir acu ar bhuachaillí beaga a bhí ann, más fíor, ach éascaíocht ag scaoileadh cnaipe i gceist chomh maith, déarfainn, sa ré réamhchlúidíní sin. Amhail coileach ar charn aoiligh, is caithréimeach an mac é an glór i gcóitín!