NACH DEAS É? Duibhce go bhfana uainn!

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Duibhce go bhfana uainn!

Fuarfheadaíl ghéar

Na gaoithe géire fuaire

Síorshéideadh ar an spéir,

Och! liomsa b’uaigneach.

As dán a tháinig ó pheann Dhubhghlais de hÍde is ea na foclaibh sin thuas agus sea, ambaiste, ba mhór an obair í mura gcuirfidís sin mar línte barra liobar ar do chuincín nó ar mhéireanta do chos!

Nó ‘coinnleoirí reo ar do hata, ar maidin le fáinne an lae,’ mar a chonaic ‘An Spailpín’ i mianaigh chopair Mheiriceá fadó.

Is amhlaidh a rith na línte sin liom tamall de laethanta ó shin is mé ag féachaint ar phictiúr, a bhí ag fear ar m’aithne ar an Straoisleabhar, agus gur shamhlaíos go raibh fuacht agus feannaid ag séideadh chugam amach as an bpictiúr céanna. Fiacail a’ tseaca san ghaoth ón muir.

Bhí cuma ghlas ar an bhfarraige a bhí sa phictiúr agus cuma dhubh ar an dtaobh tíre.

Ansin, de phreab, do rith focal chugam nár chuala le blianta fada. An focal ‘duíoca’ mar a litreofaí i bhfoghraíocht an lae inniu é. Aimsir fhuar sheaca atá i gceist leis sin mar fhocal. Bhíodh sé coitianta ag na seandaoine is mise i mo gharsún.

Chuas ar thuairisc an fhocail i measc na dtuataí tuisceanacha ar na bólaí seo. Orthu sin do bhí an saineolaí ar fhocail aduaine Chorca Dhuibhne, Mícheál ‘Toose’ Mac Gearailt. Ní raibh an focal sa bhfoclóir saibhir ollmhór atá aige siúd ina chnuga.

Do tharraingíos chugam cóip d’fhoclóir Uí Dhónaill. Níl ‘duíoca’ aige siúd,  ach tá an focal ‘duibheaca’ aige a chiallaíonn aimsir chruaidh gheimhridh, aimsir a bhainfeadh an craiceann de ghabhar, is dócha. Aimsir dhuibhceach a bheadh inti sin mar a déarfadh an seanduine tráth.

Tugann Ó Dónaill claochló den bhfocal leis dúinn i.e. ‘duibhche’.

Féach leis, a dhuine chóir, go bhfuil na foclaibh sin áirithe i bhfoclóir neamh-fhoilsithe Sheáin ‘A’ Chóta’ Caomhánach agus samplaí deasa tugtha aige ar conas iad a d’úsáid.

duibhce: (duibheaca) f.4. fuacht agus cruaidheacht aimsire. Ghaibh an duibhce thríd, gan culaithirt cheart san aimsir fheannaidigh seo: an nimh a ghaibheas fuacht gaoithe. Áit dhuibhce gan foithin gan scairt ar mhaoil an chnuic: scéirdeamhail. Go leathaidh an duibhce thú, maran mór é do chúram fén sín seo: ar creathadh leis an bhfuacht go mbír.

Go sábhála Dia sinn ar an nduíoca nó ar an nduíce nó ar an nduibheaca nó ar an nduibhce i rith na Nollag seo chugainn!

’Sea, an duibhce go bhfana uainn! Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Duibhce go bhfana uainn!'