Nach deas é? Dhá airde éiríonn trumpadán, titeann ar bhualtach bó…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Dhá airde éiríonn trumpadán, titeann ar bhualtach bó…

Ó toghadh Donald Trump, tá aitheantas á thabhairt do dhaoine áirithe as a bhfadbhreathnaitheacht, cuid acu ar tuigeadh dóibh fadó riamh go bhféadfadh a leithéid tarlú.

George Washington. Noam Chomsky. Michael Moore. The Simpsons.

Tá liosta fada eicléictiúil ann.

16 bliain ó shin bhí Trump ina Uachtarán ag The Simpsons sa chlár ‘Bart to the Future’. ‘Rabhadh do Mheiriceá,’ a bhí sa chlár céanna, dar leis an té a chum, Dan Greaney.

Ní róshásta, áfach, atá lucht déanta na Simpsons gur tháinig an tuar faoina dtairngreacht.

‘Being Right Sucks,’ a scríobh Bart ar an gclár dubh ag tús an eagráin is déanaí den chartún.

Simpsons2-large_trans++qVzuuqpFlyLIwiB6NTmJwfSVWeZ_vEN7c6bHu2jJnT8

Fear eile a bhfuil cáil na fáidhiúlachta air ná Allan Lichtman, ollamh le stair in Ollscoil Washington, a thuar go mbeadh an lá le Trump agus atá anois ag tuar go ndéanfar an tUachtarán nuathofa a tháinseamh amach anseo.

Níos cóngaraí don bhaile, b’fhéidir go dtiocfadh muintir Oileán Cléire le léamh Lichtman ar an scéal.

Ba ar an oileán sin a bhailigh an scoláire Breandán Ó Buachalla an sean-nath cainte seo:

Dhá airde éiríonn trumpadán, titeann ar bhualtach bó…

Léirítear sa mhéid sin an meon céanna faoin éirí in airde agus atá i gceist leis an nath ó Chonamara, ‘is maith éasca a leagfadh bualtrach é!’.

Ráineodh mar sin go bhfuil léas dóchais ag Nostradamusaí Oileán Cléire dóibh siúd a cheapann go bhfuil lá an chuntais linn.

Dhá airde éiríonn trumpadán, titeann ar bhualtach bó.

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Dhá airde éiríonn trumpadán, titeann ar bhualtach bó…'