Nach deas é? ‘Croch leat do chosa, a spleantair’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? ‘Croch leat do chosa, a spleantair’

Ar na tréithe ba dheise faoi Ghaeilge chraicneach neamhscríofa an teallaigh bhí na focail bhreátha chuí a bhí ann le cur síos a dhéanamh ar dhaoine. Dhamnódh sciúradh na ceartaiseachta polaitiúla a bhformhór ar an saol seo agus is leimhe an comhrá fánach dá n-éagmais. 

Duine a bheadh sa mbealach ort, ag gabháil sa solas ort nó a ghabhfadh idir thú féin agus an tine, thabharfá spleantar air. Fear beagmhaitheasach a raibh tóir aige ar an gclúid agus bean an tí tinn tuirseach de bheith istigh faoina cosa, déarfadh sí ‘tá tú i do sheanspleantar ansin romham ó mhaidin’. 

Agus tú ag scuabadh an urláir déarfá le plíoma a bheadh sa mbealach ort ‘croch leat do chosa as mo chosán, a spleantair’. Is minic a d’fheicfeá spleantar ar an mbus agus é ag scaradh gabhail ar dhá shuíochán agus tusa i do sheasamh.

‘Collach de spleantar’ a thabharfá air faoi d’fhiacail agus bior ar do shúile agat leis. 

Chloisfeá daoine ag sciolladh ar an ‘spleantar’ bocht ag cluichí freisin. Ní dócha go raibh an focal ar eolas ag mórán de lucht leanta Átha Cliath ar Chnoc 16 inné, ach dá mbeadh is deas mar a d’fheilfeadh sé do chuid de na tosaithe ar an bpáirc.

‘Mhuise corraigh a bhastaird, tá tú i do spleantar ansin sa chúinne ó thús an chluiche!’

An duine a chleacht obair chloiche is oird, is í an stuaim agus an taithí a shábhálfadh é ar spleantar a scinnfeadh as cloch.

Is fánach an déantús maitheasa atá sa spleantar.

‘Croch leat do chosa, a spleantair’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Croch leat do chosa, a spleantair’'

  • Áine

    Go raibh maith agat a Mháire

  • padraig

    Nach álainn an teanga í an Ghaeilge!