Nach deas é? Chomh díomhaoin le lúidín an Phíobaire

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Big Lebowski

Bhíos istigh i dtigh le déanaí agus tharraingíodar, muintir an tí, paca cártaí chugainn. Bhí comharsa eile istigh chomh maith céanna. Beartaíodh ar chluiche cártaí a imirt. hAon is Daichead a imrítear sa pharóiste seo seachas a hAondéag ar Fhichid, agus tá difríochtaí ana-mhór idir an dá chluiche don gcearrbhach. An té ag a bhfuil taithí na mblianta acu ar an haon is daichead, má imríonn siad haon-déag ar fhichid, bheadh seans ann go ligfidís an bheirt atá ar sé fichead ar an bport – thuigfeadh an cearrbhach cad dó a bhfuilim ag tagairt.

Pé scéal é tar éis cúpla cluiche, áiríodh an imirt. Bhí dream sé déag ar fhichid, beirt eile ar a haon is fiche, cúpla ar a cúig agus an bheirt deiridh, a dúirt an t-áiritheoir, gan faic. Leis sin do labhair an tseana-bhléid sa chúinne. “Ní ‘faic’ a deireann tú ansan,” ars’ í, “ach díomhaoin. Is díomhaoin atáid.”

Má dhein, labhair a céile a bhí suite ar a haghaidh amach agus dúirt:

“Chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire atáid.”

Deir siad go mbíonn gach ball de chorp an phíobaire ag oibriú agus iad ag seinnt na bpíobaí, seachas aon lúidín beag amháin. An chéad uair eile a bheir ag éisteacht le ceol píobaire, tabhair fé ndeara cén lúidín atá díomhaoin.

Chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire. Nach deas é?